Cealla

Cealla – is iad seo na haonaid is bunúsaí sa saol. Déantar comparáid idir iad, brící Lego agus bloic tí. Is féidir le múinteoirí an analach agus an físeán seo a úsáid chun suim na ndaltaí a mhúscailt i dtopaic atá in ann a bheith sách deacair a  shamhlú nó a fheiceáil, no fiú amháin a thuiscint.

An Teoiric

Déanann an físeán seo nasc leis an eolas atá ag na daltaí ar an ábhar cheana féin, nuair a úsáidtear gnáth shampla laethúil ar nós brící Lego a úsáidtear chun tithe Lego a thógáil, agus bloic thógála a úsáidtear chun tithe cearta a thógáil. Ar an mbealach seo, beidh na daltaí ábalta trácht air, nó nasc a dhéanamh leis an ábhar atá á chur ós a gcomhair.

Conas an físeán seo a úsáid

Mínítear go bhfuil na cealla cosúil le bloic thógála agus le brící Lego. Úsáidtear brící Lego nó bloic thógála chun tithe Lego agus tithe cearta a thógáil. Tá na cealla ar nós na brící Lego nó na bloic thógála agus is iad na céimeanna tógála is bunúsaí sa saol a dhéanann suas nithe beo agus a dtimpeallacht.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Céard iad an dá saghas cealla?Cill ainmhí agus cill plandaí.
  • Céard í an difríocht is mó atá idir cealla ainmhí agus cealla plandaí ?Tá cillbhalla ag cealla plandaí

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir naisc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach. San ábhar seo, clúdaítear Cealla sa rannóg Bhitheolaíochta.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Cealla
  • Aonad

Uimhearthacht

Nuair a scrúdaítear na cealla plandaí agus na cealla ainmhí faoin micreascóp, is féidir leis na daltaí na cealla a fheiceann siad i ngach sampla a chomhaireamh.