An Córas Imshruthaithe

Díríonn an físeán seo ar an tsamhail gurb ionann an croí (lár an chórais imshruthaithe) agus caidéal a chuireann an fhuil ag gluaiseacht ar fud an choirp.

An Teoiric

Tarraingíonn an físeán seo aird na ndaltaí nuair a iarrtar orthu an airíonn siad buillí a gcroíthe agus nuair a iarrtar orthu an chuisle a sheiceáil. Deirtear ansin go bhfuil an chuisle le haireachtáil toisc go bhfuil an croí ag crapadh agus ag suaimhniú, rud a chuireann an fhuil ag gluaiseacht ar fud an choirp. Déantar comparáid idir an croí agus gnáthuirlis oibre, an caidéal. Déanfaidh sé seo éascaíocht ar thuiscint na ndaltaí.

Conas an físeán seo a úsáid

Léirítear an croí mar chaidéal atá chomh mór le dorn dúnta. Déantar comparáid idir crapadh agus suaimhniú an croí agus dorn á fháisceadh. Buaileann an croí thart ar 70 uair in aghaidh an nóiméid. D’fhéadfaí na daltaí a fháil lena ndoirne a fháisceadh 70 uair sa nóiméad. Éireoidh na lámha tuirseach de réir mar a éireoidh na matáin tuirseach. Is matán cairdiach atá sa chroí, áfach, agus ní éiríonn sé tuirseach go héasca.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén fáth go bhfuil córas imshruthaithe ag teastáil ón duine daonna?Le fuil a phumpáil timpeall an choirp
  • Cén fáth gur as matán speisialta, matán cairdiach atá an croí déanta?Tá an matán cairdiach an-láidir agus ní éiríonn sé tuirseach ró-éasca. Cinntíonn sé seo go gcoinníonn an croí air ag bualadh.
  • Céard a tharlaíonn nuair a dhéanaimid aclaíocht? Cén fáth go mbuaileann an croí níos sciobtha?Buaileann an croí níos sciobtha le go ngabhfaidh an fhuil timpeall an choirp níos sciobtha. Nuair a dhéanaimid aclaíocht, bíonn níos mó bia agus ocsaigine ag teastáil ón gcorp. Freisin bíonn ar na cealla fáil réidh leis an mbreis dí-ocsaíde carbóin agus teasa. Dá bhrí sin buaileann an croí níos sciobtha agus méadaíonn an ráta cuisle nuair a dhéantar aclaíocht.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir nasc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh mar go gclúdaítear an croí sa roinn bhitheolaíoch. Is féidir nasc a dhéanamh freisin le OSSP mar a bhfuil eolas faoi shláinte agus an croí san ábhar sin.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Cuisle
  • Crapadh
  • Suaimhniú
  • Croí
  • Fuil

Uimhearthacht

Ar an meán, buaileann an croí 70 uair sa nóiméad. D’fhéadfaí gníomhaíocht a dhéanamh leis na daltaí a léireodh an éifeacht a bhíonn ag aclaíocht ar rátaí an chuisle. D’fhéadfaí staduaireadóir a úsáid a fhad is atá na daltaí ag comhaireamh buillí na cuisle in aghaidh an nóiméid agus iad ag ligean a scíthe. Is féidir é seo a dhéanamh trí huaire leis an meán a oibriú amach. Is féidir na daltaí a chur ag aclaíocht go tréan ansin (ag rith ar an spota). Ba cheart go gcomhaireodh na daltaí méid na mbuillí díreach i ndiaidh na haclaíochta. Ba chóir dóibh méid na mbuillí in aghaidh an nóiméid a chomhaireamh go dtí go dtagann siad ar ais go dtí an ráta a bhí acu sular cuireadh tús leis an aclaíocht. Is féidir comparáid a dhéanamh ansin idir na rátaí cuisle nuair a bhíonn duine ag ligean a scíth agus nuair a bhíonn duine ag aclaíocht.