Fótaisintéis

Is éard atá san fhótaisintéis ná an próiseas ina núsáideann plandaí fuinneamh solais le bia a dhéanamh.

An Teoiric

Déanann an físeán seo nasc le réamheolas na ndaltaí mar go dtugtar samplaí de ghnáthearraí laethúla agus an chaoi a n-úsáideann siad fuinneamh solais. Déanfaidh sé seo éascaíocht ar thuiscint na ndaltaí ar an ábhar seo.

Conas an físeán seo a úsáid

Tógann an físeán seo ar réamheolas na ndaltaí agus taispeánann sé sraith pictiúr agus ceisteanna le suim na ndaltaí a chothú. Taispeánann sé gnáthshamplaí le taispeáint gur foinse fuinnimh é an solas agus gur féidir é a úsáid le fuinneamh a dhéanamh. Cuirtear tús leis an mír leis an ráiteas go bhfuil bia ag teastáil le fuinneamh a dhéanamh agus fiafraítear ansin cén chaoi a bhfaigheann plandaí a gcuid bia. Taispeántar rudaí ar nós áireamháin, ceamaraí slándála agus painéil ghréine a théann uisce, agus fiafraítear cé as a dtagann an fuinneamh len iad a chur ag obair. D’fhéadfaí an mhír a stopadh anseo le haischothú a fháil faoi fhoinsí cumhachta na rudaí seo. Is ón ngrian a thagann an foinse cumhachta seo. Déantar comparáid idir planda agus painéal gréine mar go n-usáideann an planda solas na gréine le bia a dhéanamh, is tiontú fuinnimh é seo. Faoi dheireadh mínítear go dtugtar fótaisintéis ar an bpróiseas a úsáideann fuinneamh solais le bia a dhéanamh sna plandaí.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Scríobh cothromóid don fhótaisintéis.Uisce agus dí-ocsaíd carbóin = ocsaigin
  • Is sampla í an fhótaisintéis den tiontú fuinnimh. Cén tiontú é féin?Athraíonn fuinneamh solais go fuinneamh ceimiceach san fhotaisintéis.
  • Cén fáth go ndreonn duilleoga san fhómhar agus ina dhiaidh?Tá na laethanta níos giorra agus níl an oiread solais gréine ann.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir nasc a dhéanamh leis an gClár Tíreolaíochta sa Teastas Sóisearach agus na haeráidí difriúla agus na himpleachtaí atá ann don fhótaisintéis a phlé.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Fótaisintéis
  • Solas / teas gréine
  • Fuinneamh
  • Próiseas
  • Planda

Uimhearthacht

Ríomh an méid duilleog a thiteann ó na crainn de réir mar a imíonn an t-am. (Cailleann siad níos mó san fhómhar de dheasca easpa solais).