Díríonn an físeán seo ar an gcnámharlach mar an chreatlach thacaíochta atá ag an gcorp.
An Teoiric
Déanann an físeán seo nasc le réamheolas na ndaltaí nuair a úsáidtear gnáthshamplaí de struchtúir thacaíochta. Sa chaoi seo beidh na daltaí ábalta ceangal a dhéanamh leis an ábhar atá á léiriú.
Conas an físeán seo a úsáid
Cuirtear tús leis an bhfíseán seo le sraith íomhánna de fhoirgnimh aitheanta. Cuirtear ceisteanna faoin bhfráma tacaíochta atá acu. Mínítear go bhfuil giarsaí cruacha á n-úsáid chun na foirgnimh a choinneáil ina seasamh. Léirítear agus mínítear san fhíseán go bhfuil frámú / struchtúr tacaíochta ag puball agus go dtiteann sé nuair a thógtar an frámú seo uaidh. Tá sé soiléir go maith céard a tharlaíonn don corp mura bhfuil an frámú ann. Is í an chreatlach an struchtúr tacaíochta nó an fráma atá ag an gcorp. Ar an bhfíseán, léirítear íomhá de chorp dhuine ag titim, agus leis seo tuigeann na daltaí an tábhacht a bhaineann le creatlach mar fhrámú do chorp an duine.
Ceisteanna agus Freagraí
- Cén fheidhm atá leis an gcóras cnámharlaigh?Tacaíocht a thabhairt dár gcorp.
- Is veirteabraigh iad daoine. Céard a chiallaíonn sé seo?Tá cnámh droma ag daoine.
- Déan liosta de shamplaí de inveirteabraigh ( gan aon chnámh droma)?Péist talún, crosóg mhara, seilidí, smugairle róin, feithidí.
Naisc Thraschuraclaim
Is féidir nasc a dhéanamh idir é seo agus Eacnamaíocht Bhaile an Teastas Shóisearaigh de bharr go bhfuil an Córas Cnámharlach le clúdach sa tsraith bitheolaíochta. Is féidir nascanna a dhéanamh le O.S.S.P fresin mar san ábhar sin pléitear sláinte agus cnámha láidre.
Litearthacht (Eochairfhocail)
- Tacaíocht
- Cnámharlach
- Struchtúr
Uimhearthacht
Comparáid a dhéanamh idir an líon cnámh atá i gcorp an duine agus ainmhithe eile ar nós ba, caoirigh, madraí, cait agus hamstair.