An Planda: Struchtúr agus Iompar

Úsáidtear beochan shimplí chun an ról atá ag fréamhacha agus ag péacáin i mbláthphlandaí a léiriú. Is féidir le múinteoirí na beochaintí seo a úsáid chun aird na ndaltaí a tharraingt ar ábhar atá in ann a bheith sách deacair a shamhlú nó a fheiceáil, nó fiú amháin a thuiscint.

An Teoiric

Cé go bhfuil go leor éagsúlachta ann maidir le plandaí de ( crainn, féar, gránach, bláthanna ) tá an struchtúr atá acu uilig mar a chéile – tá fréamhacha agus péacáin acu uile. Tá na fréamhacha suite faoin talamh agus na péacáin suite os cionn na talún mar pháirt den phlanda é féin (lorga, duilleoga agus bláthanna).

Conas an físeán seo a úsáid

Úsáideann an físeán seo beochan shimplí chun an fheidhm atá ag fréamhacha agus ag péacáin i mbláthphlandaí a léiriú agus a mhíniú. Cuirtear fréamhacha i gcomparáid le tuí a úsáidtear chun uisce a shú isteach ón gcré thart timpeall a bheidh in úsáid ag an bplanda. Léiríonn an bheochan an cosán uisce ó na fréamhacha aníos tríd an planda agus amach tríd na duilleoga. Is féidir leis an mbeochan trasghalú a léiriú agus a mhíniú chomh maith: easpa galuisce ón bplanda tríd an stómata sna duilleoga. Tá na duilleoga ar an bpéacán agus úsáidtear na duilleoga seo chun bia a dhéanamh. Arís, taispeánann an bheochan shimplí an cosán bia ón na duilleoga go dtí na bláthanna, an fhréamh agus an péacán. Is féidir an bheochan seo a úsáid freisin chun fótaisintéis a léiriú agus a mhíniú, agus an chaoi a ndéanann plandaí glasa bia.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén pháirt den bláthphlanda a thógann isteach uisce?Na Fréamhacha
  • Cén pháirt is mó den planda ina gcailltear uisce?Na Duilleoga
  • Céard iad na feidhmeanna eile atá ag na fréamhacha seachas a bheith ag sú isteach uisce?1. Coinníonn siad an planda daingean san ithir, agus 2. tógann siad isteach mianraí ón ithir
  • Céard iad na feidhmeanna eile atá ag duilleoga seachas a bheith ag déanamh bia?1. Tarlaíonn mhalartú gásach trí na stómaí (Dé-ocsaíd charbóin isteach agus ocsaigin amach). 2 . Uisce a chur as an bplanda trí thrasghalú.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir naisc a dhéanamh le hÉiceolaíocht agus le Tíreolaíocht don Teastas Sóisearach tré na bláthphlandaí atá coitianta in Éirinn a phlé.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Fréamhacha
  • Péacáin
  • Iompar
  • Daingnigh ( coinnítear an planda daingean san ithir)
  • Trasghalú , fótaisintéis

Uimhearthacht

D’fhéadfá ceist a chur ar na daltaí suirbhé a dhéanamh ar na bláthphlandaí atá suite ar thailte na scoile, na cineálacha bláthphlandaí atá ann a chomhaireamh , agus miondealú uimhriúil de gach saghas a thabhairt.