Miotail

Beidh formhór de na daltaí ar an eolas faoi na tréithe a bhaineann le miotail, agus b’fhéidir go naithneoidh siad tréithe mar láidreacht, lonracht, cruas, buaine. Ach mar sin féin, b’fhéidir go mbeadh sé deacair orthu tuiscint go dteastaíonn miotail ar nós cailciam, iarann, potaisiam agus maignéisiam dár n-aistí bia. Le taispeáint go bhfuil iarann le fáil i mbia éagsúla, taispeánfaimid go dtarraingíonn maighnéad láidir calóga arbhair agus gur féidir an t-iarann a bhaint as na calóga arbhair.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Gránach bricfeasta atá treisithe
  • Maighnéad neoidimiam (nó maighnéad láidir eile )
  • Uisce
  • Babhla mór nó báisín
  • Mála plaisteach nó málaí ceapairí
  • Buidéal nite

Modh

Páirt 1:

Líon an babhla mór nó an báisín le huisce. Cuir calóga arbhair ar bharr an uisce. Cuir an maighnéad níos gaire do na calóga arbhair, agus tarraing amach an maighnéad go deas réidh. Beidh an maighéad ag tarraingt na gcalóg ina threo, rud a léiríonn an fórsa aomtha atá sna calóga arbhair.

Páirt 2:

Cuir roinnt calóga arbhair isteach i mbabhla. Bris síos na calóga arbhair agus cuir roinnt bheag uisce leis go dtí go mbíonn taos ann. Cuir maighnéad isteach i mála ceapaire agus dún an mála go daingean. Cuir an maighnéad agus an mála isteach sa bhabhla, fág ar leataobh é agus bog an maighnéad tríd na calóga arbhair ó am go chéile. Tóg amach an maighnéad agus glan go réidh é le buidéal nite uisce. Triomaigh an mála go reidh le páipéar ciarsúr. Tá na píosaí iarainn le feiceáil ar an mála. Cuir páipéar ar an mbord nó ar an mbinse agus tóg an maighnéad amach as an an mála ionas go dtitfidh na píosaí iarainn ar an bpáipéar.

Moltaí

Tá líon difriúil iarann i ngach gránach bricfeasta sna brandaí éagsúla. Ba cheart branda a roghnú ina bhfuil an tiúchan is airde le fáil ann. Tugtar an t-eolas seo i bhfoirm mais i ngach riar ar an lipéad eolais. Ba cheart calóga arbhair úra a úsáid agus an turgnamh seo á dhéanamh agat. Ní laanann na calóga arbhair an maighnéad go heifeachtach má bhíonn siad róbhog. Moltar, más féidir, an maighnéad a fhágáil sa mála atá suite san sú/taos callóga arbhair tharr oíche go mbeidh a ndóthain ama aige an t-iarann a thógáil as na calóga arbhair.

An Teoiric

Cuireann déantúsóirí iarann le roinnt gránach, agus plúr i bhfoirm phúdair mhín atá roinnte. Tuaslagann an t-iarann seo in aigéad an ghoile sula ndéanann an corp ionsú air. Cuirtear san fhoirm seo é mar ní tháirgíonn sé aon bhlas agus ní tharlaíonn aon imoibriú ceimiceach idir é agus na comhábhair eile sa táirge. Tá 20mg iarann le fáil i ngach 100g ghránaigh i bpaicéad ‘Special K’. Tá timpeall 6-7mg iarann i ngach 100g calóga arbhair threisithe, agus i ngránaigh bricfeasta neamhthreisithe bíonn thart ar 1–2mg iarann i ngach 100g. Chun a threisiú go dtógann muid isteach miotail gach lá, is féidir iarann a bhaint amach as calóga arbhair trí shú/thaos a chruthú agus maighnéad láidir a bhogadh tríd an meascán. Líon beag iarainn a fhaightear ar an maighnéad, mar sin b’fhéidir go mbeadh ort é a chur móthimpeall an tseomra ranga i soitheach plaisteach.

Conas an físeán seo a úsáid

Tá an físeán/réamhcheacht seo thar a bheith éifeachtach de bharr go ndéanann sé léiriú soiléir ar choincheap a bhfuil deacracht ag daltaí a threisú i.e ionsúchan miotail throma sa gcorp. Déanann an taispéantas seo nasc idir fisic (maighnéadas), ceimic (miotail) agus bitheolaíocht (bia) agus faightear tortha físeach soiléir a choinníonn aird na ndaltaí. Is féidir an físeán a úsáid chomh maith agus tú ag tosnú topaic an mhiotail, nuair atá plé á dhéanamh ar mhiotail atá maighnéadach nó nuair atá plé á dhéanamh ar an ról tábhachtach atá ag iarann san aiste bia.

Ceisteanna & Freagraí

  • Cén fáth an dteastaíonn iarann ónár gcorp?Feidhmíonn iarann mar iompróir ocsaigin sa chorp mar chuid don haemaglóibin sa gcóras fola agus mióglóibin sna matáin. Chomh maith leis sin tugann sé cabhair do chóras imdhíonachta an choirp, meitibileacht fuinnimh agus rialú teochta.
  • Céard a tharlódh muna mbeadh dótháin iarainn in ár n-aiste bia?Easpa iarainn (ainéime). Comharthaí ná: tuirse, meadhrán, cailleadh gruaige, greannaitheacht, ingne laga agus pica.
  • An féidir an iomarca iarainn a bheith i do aiste bia?Is féidir, tugtar haemacrómatóis ar an riocht sláinte seo, atá in ann go leor dámáiste a dhénamh do na príomhorgáin, go háirithe an t-ae.
  • An bhfuil aomadh ag gach miotal do mhaighnéid?Níl. Is iad na heilimintí miotail seo amháin atá aomtha do mhaighnéid: iarann, nicil agus cóbalt. Tá roinnt cruach agus cóimhiotail eile aomtha chomh maith.
  • Cén fáth nach ngreamaíonn na calóga arbhair don maighnéad agus nach mbogann siad timpeall an bhoird?Tá an iomarca frithchumilte idir an bord agus an maighnéad chun deis a thbhairt dóibh bogadh i dtreo an mhaighnéid.
  • Cén fáth an mbogann siad, dar leat, nuair a chuirtear in uisce iad?Tá na calóga arbhair saor le bogadh go héasca san uisce margo tá an fhrithchuimilt laghdaithe.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir nasc a dhéanamh le hEacnamíocht Bhaile agus le topaic an chothaithe. Is féidir na húsáidí difriúla atá ag iarann a phlé trí nasc a dhéanamh le miotalóireacht, agus eastóscadh de amhiarann a nascadh le tíreolaíocht. Is féidir nasc a dhéanmah le bitheolaíocht trí topaic an bhia agus an fhisic nuair a dhéantar plé air mhaighnéadas.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Miotal
  • Iarann
  • Maighnéadas

Uimhearthacht

D’fhéadfaí ceist a chur ar na daltaí líon iarainn i mbrandaí difriúla calóga arbhair a dhéanamh amach i mg i ngach riar nó i ngach riar 100g. D’fhéadfaí a rá leis na daltaí babhla calóga arbhair a líonadh a bheadh mar ghnáth riar dóibh féin. Ansin bheadh na daltaí in ann mais an mhéid atá á dóirteadh amach acu a luacháil ag úsáid ríomhaireachtaí shimplí.