Comhiompar

Aistrítear teas ar thrí mhodhanna éagsúla: seoladh, comhiompar agus radaíocht. Is sampla é an físeán seo de chomhiompar. De réir mar a dhónn an mála tae, cruthaítear aer te, chomh maith le sruth teirmeach nó comhiompar faoin mhála. Tarraingítear aer fuar isteach thíos faoi.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Málaí tae bricfeasta Éireannach Bewley’s
  • Cipíní

Modh

Oscail an mála tae tríd an bhfáiscín miotail a bhaint agus an tae a fholmhú ón mála. Sín an mála agus lig dó seasamh suas leis féin. Las an mála tae go cúramach. Nuair atá formhór den mhála tae dóite ag an lasair, cruthaítear a ndóthain aer te chun an mála a chur ag eitilt tríd an aer.

Noda

An rún le taispeántas maith ná na málaí tae is éifeachtaí a aimsiú. Caithfidh na málaí tae a bheith éadrom go leor chun eitilt suas nuair a dhóitear a ndóthain iad, agus cobhsaí go leor chun seasamh suas i gceart. Málaí tae bricfeasta Éireannach Bewley’s a úsáidtear sa taispeántas seo.

An Teoiric

Cosúil le go leor feiniméin fhisiceacha, tá siad sách teibí. Is féidir go leor coincheapa fisiceacha a mhíniú go samhailteach áfach, agus tá an topaic comhiompar go maith chuige seo. Nuair a dhónn an mála tae a ndóthain, éiríonn an mála tae éadrom go leor agus bíonn an sruth comhiompair láidir go leor chun é a chur ag eitilt tríd an aer (Fíor 4).

Conas an físeán seo a úsáid

Tá tinte an-chosúil le maighnéad sa chaoi is go mbíonn spéis ag daoine iontu agus go dtarraingítear chucu iad. An chéad rud a tharlaíonn san fhíseán ná go ndónn rud éigin; tarraingíonn sé seo aird na ndaltaí láithreach. Tá an físeán féin bunaithe ar theannas mar gheall ar an méid ama a thógann sé ar an mála tae dó. Níl a fhios ag na daltaí céard a tharlóidh. Níl mórán míniú san fhíseán, ionas go n-úsáidfidh na daltaí a gcuid réamheolais féin chun brí an fhíseáin a thuiscint.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén rud coitianta laethúil a úsáideann aer te le heitilt?Balún te
  • Ainmnigh na trí mhodhanna aistriú teasa.Seoladh, comhiompar agus radaíocht.
  • Cén mhodh aistriú teasa a n-úsáidtear sa turgnamh seo?Comhiompar – Gluaiseann an teas trí chreathadh na gcáithníní san aer timpeall ar an mála tae.
  • Cén chuid den teach is teo de ghnáth? Agus cén fáth?An t-áiléar/thuas staighre mar go n-ardaíonn aer te.
  • Conas a oibríonn faoileoir?Úsáideann an faoileoir sruthanna teirmeacha/comhiompair a chruthaítear nuair a théann an talamh an t-aer os a chionn agus ardaíonn sé.

Naisc Thraschuraclaim

Teicneolaíocht Ábhar Admhad, Insliú in áiléir chun teas a choinneáil sa teach. Ceol, na scálaí atá san fhíseán.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Seoladh
  • Insliú
  • Comhiompar
  • Radaíocht
  • Teirmeach
  • Teas
  • Fuinneamh