Túr Dlúis

Oibríonn an turgnamh seo ar an mbunús go bhfuil dlús difriúla ag leachtanna. Cuirtear leachtanna domheasctha (nach meascfaidh) i sorcóir grádaithe chun na cinn is dlúithe agus na cinn nach bhfuil chomh dlúth a fheiceáil.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Sorcóir grádaithe 1000ml
  • Pípéad
  • Dathúchán bia
  • Fairy liquid
  • Mil
  • Síoróip Mhailpe
  • Uisce
  • Ola chócaireachta
  • Biotáille mheitileach
  • Bainne

Modh

Ullmhúchán:

Roimh an turgnamh seo, pleanáil go díreach cé mhéad de gach leacht a chuirfidh tú sa sorcóir grádaithe. Is méid maith é 100ml.

Taispeántas:

Cruthaíonn an mhil an tsraith is ísle den túr agus is féidir é a fháisceadh isteach sa sorcóir grádaithe. Is féidir an síoróip mailpe a dhoirteadh go díreach ar bharr na meala. Is féidir an fairy liquid a dhoirteadh go díreach ar bharr na síoróipe mailpe. Tabhair faoi deara go gcaithfear na sraitheanna eile go léir a chur isteach sa sorcóir grádaithe ag úsáid pipéid ionas nach meascfaidh na leachtanna. Caithfear bainne lánmhéathrais a úsáid nó ní mheascfaidh sé leis an tsraith uisce. Má tá an bainne úr, ba cheart go snámhfadh sé ar bharr an fairy liquid. Muna bhfuil sé úr ar fad, méadaíonn an dlús agus rachaidh sé síos faoin tsraith fairy liquid. Cuir sraith uisce leis. Caithfear e a dhathú le dathúchán bia ionas go bhfuil sé feiceálach sa sorcóir. Cuir sraith ola leis. Is í an tsraith dheireanach ná an bhiotáille mheitileach. San fhíseán, úsáideann muid biotáille mheitileach corcra mar go bhfuil sé an-soiléir agus feiceálach. Oibreoidh ola pairifín dearg chomh maith.

Moltaí

Úsáid pípéad chun gach leacht os cionn an fairy liquid a chur sa sorcóir chun meascadh a sheachaint.

An Teoiric

Go minic, déantar coincheap an dlúis a chomhcheangal le solaid ach ní le leachtanna nó gáis. Is topaic theibí é dlús agus tá sé mar aidhm ag an bhfíseán seo an coincheap a dhéanamh níos simplí do dhaltaí, go háirithe mar go n-usáideann sé leachtanna laethúla teaghlaigh. Ciallaíonn sé seo go scarfaidh leachtanna áirithe nuair a mheasctar iad. Taispeántar é seo tríd an turgnamh leis an ola agus uisce ag tús an fhíseáin (Fíor 5). Is é dlús an uisce ná 1gm/cm3, ach tá dlús níos ísle ag ola ag 0.9gm/cm3. Mar sin, snámhann an ola ar uisce. Úsáideann an turgnamh seacht gcomhábhar difriúil agus is bealach an-fhíseach é chun prionsabal eolaíochta a léiriú.

Conas an físeán seo a úsáid

Taispeánann an físeán seo conas ar féidir leachtanna a úsáid chun cuid de phrionsabail dlúis a thaispeáint ar bhealach an-ildaite. Tá sé deartha chun dul i bhfeidhm ar amharcfhoghlaimeoirí. Tógtar an túr go mall agus mar sin bíonn am ag daltaí próiseáil a dhéanamh ar an méid a fheiceann siad sula gceistíonn an múinteoir iad faoin bhfíseán.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cad é an leacht is dlúithe?Is í an mhil an leacht is dlúithe mar go bhfuil sé ag bun an fhleascáin.
  • Cad é an leacht leis an dlús is lú?An Bhiotáille Mheitileach.
  • Cén fáth a bhfuil dathúchán corcra curtha leis an mbiotáille mheitileach?Déantar é seo ionas go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil sé dainséarach agus nach féidir é a ól nó a ithe.
  • Cén fáth a gcuirtear dathúchán gorm leis an uisce?Seo ionas gur féidir é a fheiceáil i measc na sraitheanna eile.
  • Céard a tharlódh dá gcuirfeá síoróip mhailpe ar bharr ola in eascra?Rachadh an tsíoróip mhailpe go bun an eascra go mall mar go bhfuil dlús níos airde aige.

Naisc Thraschuraclaim

Eacnamaíocht Bhaile:

Úsáidtear roinnt comhábhair sa turgnamh seo a bheadh in úsáid i rang eacnamaíochta bhaile. Mar gheall ar dhifríochtaí sa dlús, ní mheascann na substaintí seo. Mar gheall air sin, ní úsáidtear i mbácáil iad. Taispeánann an turgnamh úsáid dathúchán bia chun dath substainte a athrú go suntasach freisin.

Ealaín:

Is féidir an turgnamh seo a dhéanamh ar roinnt bhealaí. Má úsáidtear substaintí atá beagán difriúil, is féidir torthaí níos ildaite a fháil (m.sh. ola pairifín le haghaidh dearg, nó dathúchán bia difriúla don uisce). Ionas go seasfaidh an túr dlúis amach, caithfear dathanna geala atá i gcodarsnacht lena chéile a úsáid. Nascann sé seo leis an gcuraclam ealaíne agus an staidéar a dhéantar ar dhath, dathanna príomhúla agus ag meascadh dathanna.

Naisc leis an saol:

Tá dlús níos ísle ag ola ná uisce agus sin an fáth go bhfuil doirteadh ola amuigh ar an bhfarraige chomh dainséarach sin agus chomh dona don timpeallacht. Is dea-shampla é doirteadh ola Pheitriliam na Breataine i Murascaill Mheicsiceo. Deirtear go minic gurb é caolú an réiteach atá ar thruailliú, ach mar nach meascann ola agus uisce, ní féidir ola a chaolú. Is féidir polaiméirí difriúla a úsáid chun an ola a ionsúigh agus éifeachtaí an doirteadh a laghdú.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Dlús
  • Sorcóir Grádaithe
  • Pípéad
  • Deighilt meascáin

Uimhearthacht

Is é dlús uisce ná 1gm/cm3. Tá dlús níos ísle ná 1 ag aon rud a snámhann ar uisce. Tá dlús níos airde ná 1 ag aon rud a théann go tóin poill.