Ceimic Chistine! – Réamhrá

ik

Is comhfhiontar idir Scoil an Oideachais agus Scoil na Ceimice in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh) í forbairt na bhfíseán le haghaidh Ceimic Chistine. Forbraíodh an fiontar le maoiniú EXPLORE. Tagann mic léinn agus foireann OÉ Gaillimh le chéile in EXPLORE chun smaointe nuálacha a sheachadadh. Ba é an spreagadh le haghaidh na bhfíseán le haghaidh Ceimic Chistine an eolaíocht a chur chun cinn i measc daltaí bunscoile. Cuireann an tsraith sé fhíseán agus an paca acmhainní do mhúinteoirí lena mbaineann leis na hiarrachtaí reatha for‑rochtana atá ar bun ag Scoil na Ceimice i gcúrsaí eolaíochta agus leis an tsraith Science Hook (atá ar fáil saor in aisce ar iBook nó ar ardán gréasáin, https://sciencehooks.scoilnet.ie/ga/) a forbraíodh i Scoil an Oideachais.

Cuireann na hacmhainní le haghaidh Ceimic Chistine bailiúchán físeán ar fáil do mhúinteoirí bunscoile a thaispeánann gnéithe nua agus mealltacha a bhaineann le topaicí eolaíochta bunaithe ar an gceimic. Tá an bailiúchán ar fáil i mBéarla freisin. Tugtar sonraí faoi na sé fhíseán i bpaca an mhúinteora. Tá an méid seo a leanas sa phaca: modheolaíocht, míniú simplí ar an eolaíocht, gníomhaíochtaí breise, agus bileoga oibre le haghaidh na mbunranganna, na meánranganna agus na n‑ardranganna. D’éascaigh agus thacaigh scoilnet.ie le suíomh gréasáin a chur i dtoll a chéile le haghaidh Ceimic Chistine.

Ba iad comhúdar phaca seo an mhúinteora an Dr Veronica McCauley, Martin McHugh, Laura Finnegan (Scoil an Oideachais), Nicole Walshe, Christine Conway (Scoil na Ceimice) agus an múinteoir comhairleach Sara McGeachy (Scoil Náisiúnta Chluain Abhla, Co. Thiobraid Árann).

Ceimic Christine – Paca Acmhainní an Mhúinteora

n                                                                           da