Faoin Foireann Deartha Acmhainne um Oideachas Eolaíochta

Cuireann an tsraith seo bailiúcháin físeán ar fáil do theagascóirí eolaíochta a léirionn gnéithe suimiúla ar thopaicí éagsúla. Tá físeán ar leith leabaithe i ngach caibidil le léirthéacs míniúcháin, a thugann modheolaíocht, teoiric eolaíoch laistiar den mhír, agus treoir ar conas an mhír seo a chur i bhfeidhm mar réamhcheacht sa rang. Anuas air sin, tá ceisteanna, naisc thraschuaraclaim agus moltaí don litearthacht agus don uimhearthacht a bhaineann leis an topaic.

Le cabhair maoinithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Tionscnamh Bright Ideas, agus ó COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, a chuirtear an tsraith seo ar fáil. Cuimsíonn an chéad tsraith seo 3 leabhar, (i nGaeilge agus i mBéarla) atá dírithe ar an tSraith Shóisear go príomhdha, ach atá oiriúnach le húsáid ag léibhéal ar bith den oideachas eolaíochta.