Brú an Aeir

San fhíseán seo, fiosraíonn muid brú an aeir. Úsáideann muid canna cóc agus canna mór peitriliam chun fórsa agus brú an aeir ar gach rud a léiriú.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Uisce
  • Canna cóc
  • Canna Peitriliam
  • Dóire Bunsen/Séidtóirse/Teophláta

Modh

Oscail an canna cóc agus folmhaigh é. Cuir 20 ml uisce sa channa. Fiuch an t-uisce sa channa. Brúnn an ghal an t-uisce sa channa amach, agus cruthaíonn seo folús. Cuir an canna isteach in uisce. Comhdhlúthaíonn an ghal ag fágáil folús. Ansin briseann brú an aeir an canna. Déan an turgnamh arís, ag baint úsáid as an gcanna is mó an uair seo.

Moltaí

Chun an próiseas a thapú, úsáid uisce fiuchta. Cuir oighear agus salann leis an uisce chun an teocht sa dabhach uisce a ísliú.

An Teoiric

Taispeánann an físeán seo an láidreacht a bhaineann le brú an aeir. Is éard is brú an aeir ann ná an fórsa a chuirtear ar dhromchla an domhain ón gcolún aeir os a chionn. Is fórsa dofheicthe é seo mar nach féidir é a fheiceáil nó a mhothú. De bharr seo, is coincheap teibí é brú an aeir agus tá sé deacair ar dhaltaí é a thuiscint. Le léiriú go bhfuil an brú seo ann agus chun a láidreacht a thaispeáint, bristear agus brúitear cannaí alúmanaim san fhíseán seo. Nuair a fhiuchann tú an t-uisce sa channa, athraíonn sé go gal, agus brúnn an ghal seo an t-aer amach as an gcanna. Faoin staid seo, tá an canna lán le gal. Nuair a chuireann tú an canna isteach in uisce fuar, cailleann an ghal sa channa a teas agus aistríonn sé ar ais go huisce, .i. comhdhlúthaíonn sé. Glacann gal i bhfad níos mó spáis nó achair ná uisce, mar a dhéanann gach cineál gáis san fhoirm leachtach. Glacann na cáithníní uisce sa channa i bhfad níos lú spáis ná na cáithníní gaile, agus mar sin cruthaítear folús sa channa nuair a chomhdhlúthaíonn an ghal. Is éard is folús ann ná réigiún de bhrú gásach atá níos lú ná brú an aeir. Ag an bpointe seo, tá an brú lasmuigh den channa níos mó ná an brú istigh sa channa. Ansin briseann brú an aeir an canna.

Fíor 1: Tá brú cothrom lasmuigh agus laistigh de Channa A mar gheall ar an ngal sa channa, agus coinníonn sé a chruth. I gcanna B, comhdhlúthaíonn an ghal ar ais go huisce. Fágann sé seo folús istigh sa channa agus briseann brú an aeir é.

Tá an físeán seo bunaithe ar an turgnamh clasaiceach ina mbristear cannaí ag úsáid bhrú an aeir. Tá an físeán seo deartha le húsáid i gcomhpháirt le haon mhír teagaisc ar bhrú. Is féidir é a úsáid agus teagasc faoin aer idir lámha freisin. Oibríonn an físeán ar an mbonn nach féidir linn brú an aeir a mhothú, ach gur fórsa an-láidir é atá i gcónaí ag gníomhú ar ár gcoirp. Cuireann an físeán an cheist “an gceapann tú go bhfuil brú an aeir láidir go leor chun canna alúmanaim a bhriseadh?” Deir daltaí “Níl” go hiondúil, agus cuireann an físeán iontas orthu: cleas maith chun aird na ndaltaí a fháil.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cad é brú an aeir?1.01 x 105 Pa
  • Cad í an fhoirmle do bhrú?Brú/Achar
  • Cad iad na haonaid bhrú?Pascal (Pa) nó Newton in aghaidh an mhéadair
  • Cén fáth nach féidir leat cupán ceart tae a bheith agat ag barr Sliabh Everest?Íslíonn brú an aeir an fiuchphointe. Nuair a fhiuchann leacht, athraíonn na cáithníní ó leacht go gás. Tríd seo a dhéanamh, faigheann na cáithníní a ndóthain fuinneamh chun ‘léim’ amach as an leacht. Bíonn brú an aeir níos láidre ag leibhéal na farraige ná in aon áit eile, agus cuireann sé seo cosc ar na cáithníní sa leacht a bheith ag léim nó ag bogadh amach as an leacht. Sin an fáth gurb é fiuchphointe an t-uisce ag leibhéal na farraige ná 100°C. Ar bharr Shliabh Everest, tá brú an aeir i bhfad níos ísle. De bharr seo, tá sé níos éasca ar na cáithníní leachta léim amach agus athrú go gás nuair a fhiuchtar iad. Is é fiuchphointe an t-uisce ag barr Shliabh Everest ná 72°C. Mar gheall ar an difríocht sa teocht, beidh blas difriúil ar chupán tae.
  • Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin d’anáil a choinneáil faoin uisce?Brú an uisce. Tá brú ag uisce atá cosúil le brú an aeir. De réir mar a théann tú níos ísle faoin uisce, éiríonn an brú níos airde, mar gheall ar an méid uisce os do choinn. Sin an fáth go ndéantar fomhuireáin as cruach threisithe. Caithfidh siad a bheith láidir ionas gur féidir leo an brú ollmhór ón uisce a ionsú.

Naisc Thraschuraclaim

Tíreolaíocht > Córas Aimsire:

Níl brú an aeir mar an gcéanna i ngach áit ar domhan. Tá éagsúlachtaí ann mar gheall ar chórais aeir íseal agus ard, rud a tharlaíonn mar gheall ar théamh éagothrom ón ngrian ar dhromchla an domhain. Tá éifeachtaí difriúla ag brúnna difriúla ar phátrúin aimsire. De ghnáth ciallaíonn ardbhrú aimsir the agus thirim, agus ciallaíonn ísealbhrú aimsir fhuar agus flhiuch.

Litearthacht (eochairfhocail)

  • Brú
  • Gal
  • Fórsa
  • Achar
  • Folús

Uimhearthacht

Láimhsiú na foirmle: Brú = Fórsa/Achar