Aigéid & Bunanna

Beidh samplaí difriúla de aigéid agus de bhunanna ar eolas ag tromlach na ndaltaí. Ceapann go leor daltaí go bhfuil aigéid contúirteach agus creimneach, mar shampla aigéid goile. Tá bunanna neamhchreimneach agus níl siad dochrach. Is é an aidhm atá leis an bhfíseán seo ná taispeáint do na daltaí an chontúirt a bhaineann le bunanna freisin.

Modheolaíocht

Ábhair

  • 2 canna alúmanaim
  • Olann chruach
  • 2 eascra
  • hiodrocsaíd sóidiam atá tiubhaithe
  • tlú miotail
  • slat mheascadh

Modh

Scríob canna alúmanaim amháin le holann chruach chun an cóta plaisteach a bhaint dhe. Fág an cóta plaisteach ar an gcanna eile. Cuir an canna isteach in eascra, agus an canna eile isteach in eascra eile. Doirt hiodrocsaíd sóidiam atá tiubhaithe isteach agus timpeall an dá channa. Fág iad agus féach orthu.

Moltaí

Cuir poill bheaga sa channa gan an cóta plaisteach sa chaoi go ndéanfaidh an bun teagmháil leis an alúmanam níos sciobtha.  Cuireann sé seo luas leis an gcreimeadh.

An Teoiric

Imoibríonn an t-alúmanam atá sa channa leis an hiodrocsaíd sóidiam agus leis an uisce. Ansin déanann sé seo ocsaíd sóidiam alúmanaim atá intuaslagtha in uisce.  Déantar gás hidrigine freisin:

2 Al + 2 NaOH + 2 H2O → 2 NaAlO2 + 3 H2

Alúmanam  + hiodrocsaíd sóidiam → ocsaíd sóidiam alúmanaim + hidrigin

Creimeann an canna gan an cóta plaisteach níos sciobtha ná an canna leis an gcóta  plaisteach air.  Is éard atá fágtha ag deireadh an taispeántais seo ná an plaisteach atá laistigh den channa. Caithfear plaisteach a úsáid mar chumhdach sna cannaí seo mar tá deochanna boga ar nós coke beaganín aigéadach, agus tuaslagann an t-alúmanam san tuaslagán tar éis tamaill.  Is substaint amfaprótónach é alúmanam ( imoibríonn sé le haigéad agus le bun).  Is féidir úsáid a bhaint as an bhfíseán seo freisin chun léiriú do na daltaí gur féidir le plaistigh bheith an-láidir agus an-deacair le briseadh síos.

Conas an físeán seo a úsáid

Tá an físeán seo an-éifeachtach mar léiríonn sé taispeántas físeach agus an-soiléir den chumhacht chreimneach atá ag bunanna láidre. Tógann an taispeántas thart ar 25 nóiméad agus d’fhéadfaí tús a chur leis ag tús ceachta nó súil a chaitheamh air arís.  D’fhéadfaí a rá leis na daltaí an taispeántas a phlé eatarthu féin agus réamhthuairimí a bheith acu faoin gcumhacht a bhaineann le haigéid agus le bunanna.  Ar an mbealach seo is féidir aon mhíthuiscint atá acu a phlé sa rang.  Is taispeántas é seo atá thar a bheith físeach maidir le céard a d’fheadfadh bun creimneach a dhéanamh, agus mínítear an téarma creimneach go maith freisin.

Ceisteanna & Freagraí

  • Cén fáth an gcreimeann canna amháin níos sciobtha ná an ceann eile? An cannaí difriúla iad?  Céard í an difríocht?Tá cosaint ag an gcanna ón bplaisteach agus dá bharr seo bíonn dianscaoileadh an alúmanaim níos moille.
  • Céard a léiríonn an taispeántas seo dúinn faoi phlaistigh?Léiríonn sé seo dúinn go bhfuil plaistigh faoi leith fíor bhuanfasach mar glacann sé achar níos faide don canna leis an bplaisteach creimeadh a dhéanamh i gcomparáid leis an gcanna alúmanaim.
  • Cá dtéann an t-alúmanam?  An bhfuadaíonn sé?Athraíonn sé go ocsaíd sóidiam alúmanaim atá intuaslagtha in uisce. Mar sin bíonn easpa dath ar an tuaslagán ag deireadh an taispeántais.
  • Céard a tharlódh dá n-úsáidfeá bun lag?Tharlódh an rud céanna ach go dtógfadh sé i bhfad níos faide, laethanta, seachtaine, nó fiú amháin blianta.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidr an topaic seo a nascadh le réimsí eile Eolaíochta an Teastais Shóisearaigh, plaisteach, miotail, neamhmhiotail, meirg, creimeadh, agus bia san áireamh. Is féidir naisc a dhéanamh le réimsí Eacnamaíocht Bhaile agus le gnáthphróisís tionsclaíoch.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Bun
  • Creimeadh
  • Aigéad
  • Alúmanam
  • Plaisteach