Téarmaí & Coinníollacha

Fógra Cóipchirt

Ach amháin agus a mhalairt luaite, tá ábhar an tsuímh seo ceadaithe faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 3.0.

Scaoiltear na físeáin, na híomhánna agus téacs scríofa oideachasúil atá ar fáil taobh istigh den chnuasach réamhcheachtanna faoi théarmaí Creative Commons Attribution 3.0 Licence. Ceadaíonn sé seo na hÁbhair a úsáid ar fud na cruinne gan íocaíocht, ach is gá Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a lua mar údar. Léigh, le do thoil, an Creative Commons Licence ina iomláine roimh íoslódáil nó roimh úsáid na n-Ábhar seo.

Caithfear na cearta seo maidir le srianta ar úsáid agus le cur i bhfeidhm na n-ábhar, nó codanna de na hábhair, ar nós físeáin agus íomhánna fótagrafaíocha ( ‘Srianta Speisialta’ ) a léamh pé scéal é. Muna n-aontaíonn tú go bhfuil tú faoi cheangal ag an Creative Commons Licence, nó ag aon Srian Speisialta, ní cóir duit an Suíomh agus na hÁbhair seo a úsáid.

Féadfar aon chearta a bhronntar ort a thabhairt chun deiridh ag aon am, agus ní gá go dtarbharfaí aon fhógra duit.

Agus na hÁbhair in úsáid, is gá sannadh do Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, de réir théarmaí an Creative Commons Licence.

Tá ábhar dílsithe ar an suíomh seo freisin, atá in úinéireacht againn, nó atá againn faoi cheadúnas, agus nach dtagann faoi réir an Creative Commons Licence. Áirítear sna hábhair seo ár lógónna, íomhánna fótagrafaíocha agus dearadh, leagan amach agus cuma fhisiciúil na ngraificí atá ar an suíomh seo. Cosnaítear na hábhair dílsithe seo le cearta maoin intleachtúil. Féadfadh úsáid neamh-cheadaithe na n-ábhar seo na rialacha a bhaineann le maoin intleachtuil a shárú.

Coinnítear agus rialaítear cóipcheart agus cearta eile atá lasmuigh de théarmaí an Creative Commons Licence ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Scoilnet, Professional Development Service for Teachers agus ag páirtithe eile a luaitear sna hábhair féin.

Séanadh Dlíthiúil

Tá an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo á cur ar fáil ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin, ar mhaithe leis an leas poiblí. Cé go ndearnadh gach iarracht chun cruinneas na faisnéise ar an láithreán gréasáin a chinntiú, ní thugann NUI Galway, PDST Technology in Education, Scoilnet ná a foireann ráthaíocht, gealltanas ná barántaí ar bith ina leith, agus ní ghlacann siad dliteanas ar bith ag éirí as earráidí nó easnaimh ar bith. Earráidí nó easnaimh a chuirtear ar a súile don NUI Galway nó PDST Technology in Education, déanfar iad a cheartú a luaithe agus is féidir.

Dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, is ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin a solathraíodh iad, agus níltear ag maíomh gur comhairle dhlíthiúil iad ná léirmhíniú cinnte deiridh ar an dlí. Aon duine a bheadh ag machnamh ar chaingean dhlíthiúil maidir leis na cúrsaí atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, ba cheart dó/di comhairle a fháil ó chomhairleach gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici.

Níor chóir glacadh leis gurb é dearcadh deiridh na NUI Galway nó PDST Technology in Education é dearcadh, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo. Dá réir sin, cosnaíonn NUI Galway nó PDST Technology in Education a ceart cinntí a dhéanamh atá éagsúil le dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith a d’fhéadfadh a bheith leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo.

Nasc ar bith ón láithreán gréasáin seo go dtí láithreáin ghréasáin sheachtracha, nach í NUI Galway nó PDST Technology in Education a dhéanann cothabháil orthu, is mar áis amháin a chuirtear ar fáil iad, agus ní cóir glacadh leis go ndéanann NUI Galway nó PDST Technology in Education formhuiniú ar ábhair nó ar chleachtais na láithreán gréasáin seachtracha sin, láithreáin ghréasáin nach nglacann NUI Galway nó PDST Technology in Education freagracht ar bith ina leith.