San fhíseán seo, mar gheall ar an meascán de ghránphlúr agus d’uisce, cruthaítear substaint a léiríonn airíonna solaid agus leachta ag brath ar an méid brú a chuirtear air. Tugtar sreabháin neamh‑Niútanacha ar na cineálacha seo sreabhán nach mbíonn cosúil le “gnáthshreabháin”.
Modheolaíocht
Trealamh
- Gránphlúr
- Uisce
- Dathú bia
- Babhla agus spúnóg
- Dhá choimeádán atá ar cóimhéid, ina mbeidh dhá pháirt gránphlúir le páirt amháin uisce
Modh
- Tomhais dhá pháirt gránphlúir le páirt amháin uisce.
- Cuir dathú bia leis an uisce.
- Measc an dathú bia agus an gránphlúr le chéile sa bhabhla le spúnóg nó le do dhá láimh.
- Mura bhfuil an meascán ag teacht le chéile i gceart, cuir píosa beag eile gránphlúr leis go dtí go bhfuil an uigeacht cheart aige.
Réamhchúraimí
Is féidir le dathú bia dath a fhágáil ar éadaí, mar sin moltar naprúin agus lámhainní plaisteacha a chur ar na daltaí. Cuir fainic ar na daltaí gan aon chomhábhar ón turgnamh seo a ithe ná a ól.
Nótaí an Mhúinteora
Déantar an gaineamh súraic seo as cáithníní beaga bídeacha soladacha de ghránphlúr ar fuaidreamh san uisce. Tugtar collóideach ar an gcineál seo meascáin. Nuair a bhuaileann tú é le spúnóg nó nuair a fháisceann tú cuid de go sciobtha, éiríonn sé crua, agus gníomhaíonn sé cosúil le solad. Dá chrua a bhrúnn tú é, is é is fáiscthe agus is soladaí a éiríonn an gaineamh súraic, ach nuair a osclaíonn tú do dhorn, titeann an gaineamh súraic uait cosúil le leacht. Déan iarracht an gaineamh súraic a mheascadh go sciobtha le do mhéar; cuirfidh sé i gcoinne do mhéire. Ach measc go mall é, agus rachaidh sé timpeall ar do mhéar gan aon fhadhb. Tugtar sreabhán neamh‑Niútanach air sin. Is cosúla le púscán é – éiríonn sé níos righne nuair a chuireann tú fórsa fiartha air. Sin an chúis ar cheart duit bogadh go mall i ngaineamh súraic. Dá mhoille a bhogann tú, is é is lú a chuirfidh an gaineamh súraic i do choinne.
Gníomhaíochtaí Breise
- Cuir bréagáin bheaga phlaisteacha sa ghaineamh súraic agus breathnaigh an dtiteann siad go bun an bhabhla. Oibríonn sé seo go maith le saighdiúirí beaga plaisteacha.
- Iarr ar na daltaí sainmhíniú a thabhairt ar sholad agus roinnt samplaí a ainmniú. Iarr orthu an rud céanna a dhéanamh le haghaidh leachtanna. Anois agus sainmhíniú acu ar an dá rud, iarr orthu sainmhíniú a thabhairt ar an ngaineamh súraic. Tá sé seo go maith chun scileanna comparáide a spreagadh.
Bileoga Oibre
Tá trí bhileog oibre le gach turgnamh – ceann do na bunranganna, ceann do na meánranganna agus ceann do na hardranganna. Is féidir iad a chóipeáil go héasca agus a thabhairt do na daltaí i ndiaidh na gníomhaíochta nó mar obair baile.