Draíocht Chabáiste

dc

Cruthaíonn an físeán seo leacht iontach a athraíonn dath is féidir a dhéanamh as cabáiste. Léiríonn an tuaslagán an aigéad nó bun í substaint faoi leith. Nuair a mheasctar an tuaslagán cabáiste le leacht eile, athraíonn an dath agus léirítear an bhfuil an tuaslagán aigéadach nó bunata. Is turgnamh spraíúil físiúil é seo a úsáideann gnáthrudaí ón teach.

 

Modheolaíocht

Trealamh

  • Cabáiste dearg
  • Clár agus scian
  • Uisce
  • Cumascóir
  • Criathar
  • Crúiscín tomhais agus spúnóg
  • Roinnt crúscaí/gloiní do na leachtanna
  • Rudaí ón mbaile chun an tástáil a dhéanamh: Bainne, 7‑Up, Uisce, Rennie, Púdar bácála, Líomóid, Cíobhaí brúite, Fínéagar, Bogthóir fabraice, Leacht níocháin, Tuarthóir, Glantóir draein.

Modh

Gearr thart ar aon cheathrú de thor cabáiste dheirg ina phíosaí beaga.

Cuir an cabáiste agus thart ar 250ml d’uisce i gcumascóir agus measc le chéile iad go dtí go bhfuil an cabáiste ina phíosaí beaga bídeacha ar cóimhéid.

Doirt an meascán tríd an gcriathar agus brúigh an leacht tríd le spúnóg más gá.

Is é an leacht seo ár dtáscaire agus sin a úsáidfimid chun ár leachtanna ón mbaile a thástáil.

Doirt an méid céanna de leachtanna ón mbaile i gcrúscaí nó i ngloiní (ná bíodh aon dath ar na coimeádáin ionas gur féidir an t‑athrú datha a fheiceáil).

Anois doirt píosa beag den leacht ón gcumascóir (an táscaire cabáiste dheirg) i ngach coimeádán.

Tabhair an t‑athrú datha ar gach leacht faoi deara agus cuir i gcomparáid le scála an Táscaire Cabáiste Dheirg thíos é chun pH an leachta a chinneadh.

gh

Réamhchúraimí

Caithfear a bheith cúramach agus aigéid agus bunanna láidre a choinneáil i bhfad ó pháistí. Caithfear foláireamh a thabhairt do na daltaí freisin nár cheart dóibh rud ar bith a ól i rith turgnaimh mar go bhféadfadh sé a bheith contúirteach. D’fhéadfadh roinnt táirgí tí cur as don chraiceann. Ná lig dóibh siúd dul i ngar don chraiceann; glan an craiceann go maith le huisce má tharlaíonn sé.

Nótaí an Mhúinteora

Is aigéid agus bunanna iad roinnt tuaslagáin an‑choitianta ón mbaile. Is tuaslagáin iad aigéid a dheonóidh iain hidrigine i dtuaslagán, agus bíonn blas searbh orthu go hiondúil. Is aigéid choitianta iad súnna torthaí citris agus fínéagar baile. Is tuaslagáin iad bunanna a ghlacann le hiain hidrigine i dtuaslagán, agus bíonn cuma shleamhain orthu go hiondúil.

Cén chaoi a mbeadh a fhios agam an aigéad nó bun é rud éigin? Úsáidtear ceimiceán ar a dtugtar táscaire, a athraíonn dath ag brath an aigéad nó bun (alcaile) é an tuaslagán. (Go sonrach, oibríonn táscaire trí fhreagairt don mhéid iain hidrigine atá i dtuaslagán.) Tá go leor cineálacha táscairí ann. Is leachtanna iad cuid acu agus dlúthaítear cuid eile ar ribíní beaga páipéar “litmis”. Is féidir táscairí a bhaint as go leor foinsí difriúla, lí go leor plandaí ina measc.

Tá móilín lí táscaire i gcabáiste dearg ar a dtugtar flaivín. Athróidh tuaslagáin atá an‑aigéadach go dath antóiciainine, dath dearg. Beidh dath corcra de shaghas éigin ar thuaslagáin neodracha. Beidh dath glasbhuí nó buí ar thuaslagáin bhunata.

Mar go bhfuil an lí táscaire sin i gcabáiste dearg, is féidir pH an tuaslagáin a chinneadh bunaithe ar an dath a athraíonn sé i sú an chabáiste dheirg. Tomhas uimhriúil de chomh haigéadach nó bunata atá tuaslagán is ea an pH. Bíonn pH idir 5 agus 7 ag tuaslagán atá neodrach, pH 8 nó níos airde ag bun agus pH 4 nó níos ísle ag aigéad (breathnaigh ar Fhíor 1).

hg

Gníomhaíochtaí Breise

  1. Turgnamh breise do ranganna níos airde ina dtugtar trí leacht gan dath dóibh ach nach n‑insítear dóibh céard atá iontu. Bíonn orthu na trí leacht a thástáil agus cinneadh a dhéanamh an aigéid, bunanna nó tuaslagáin neodracha iad na leachtanna.
  2. Mar thaispeántas, is féidir sop a fháil agus séideadh go réidh isteach sa táscaire cabáiste. Toisc go mbíonn dé‑ocsaíd charbóin san aer a easanálaímid, imoibríonn sé leis an táscaire chun aigéad carbónach a chruthú agus athróidh dath an táscaire dá réir.

Bileoga Oibre

Tá ceithre bhileog oibre ag dul leis an turgnamh físeáin seo. Bileog oibre do thorthaí is ea an chéad cheann, agus is féidir leis na daltaí í a chomhlánú sa rang. Is bileoga oibre do na bunranganna, do na meánranganna agus do na hardranganna atá sna trí cinn eile.

Ceimic Chistine- Paca Acmhainní an Mhúinteora 

Bileoga Oibre