Dathanna an Tuair Ceatha

 

dath

Is físeán é seo faoi thurgnamh spraíúil agus éasca a úsáideann eolaíocht chun na dathanna éagsúla a bhíonn i ngach marcóir daite a fhiosrú. Is breá le páistí marcóirí daite a úsáid ach is annamh a chuimhníonn siad ar na dathanna ar fad a bhíonn in aon mharcóir amháin. Is turgnamh eolaíochta nó taispeántas físeáin céadfach spraíúil é seo.

Modheolaíocht

Trealamh

  • Marcóirí daite
  • Crúsca/gloine
  • Uisce
  • Scagpháipéar
  • Spúnóg tae/braonaire

Modh

  1. Fill an scagpháipéar i leith ceithre huaire go dtí go bhfuil cruth beag dinge agat.
  2. Oscail arís é agus feicfidh tú ciorcal a bhfuil 16 líne air.
  3. Cuir spota i ngach cuid ag úsáid marcóir difriúil, orlach nó dhó ón lár. Cruthóidh sé sin ciorcal de spotaí daite.
  4. Cuir an scagpháipéar thar chrúsca. Cuir cúpla braon d’uisce isteach i lár an scagpháipéir.
  5. Breathnaigh ar a dtarlaíonn de réir mar a shúnn an páipéar an t‑uisce isteach.

Réamhchúraimí

D’fhéadfadh marcóirí daite dath a fhágáil ar chraiceann agus ar éadaí, caithfear lámha a níochán i ndiaidh an turgnaimh.

Nótaí an Mhúinteora

Tugtar crómatagrafaíocht ar an bpróiseas seo. (Tagann an focal “crómatagrafaíocht” ó dhá fhocal Gréigise: “chroma” a chiallaíonn “dath” agus “graphein” a chiallaíonn “scríobh”.) Is bealach í crómatagrafaíocht chun meascáin de cheimiceáin dhifriúla a scaradh óna chéile. Mar shampla, bíonn réimse dathanna difriúla i ndúigh pinn go minic. Bíonn tuaslagthacht dhifriúil ag na móilíní difriúla sa dúch. Is ionann tuaslagthacht agus an cumas atá ag an dúch tuaslagadh i sreabháin dhifriúla, uisce mar shampla. Tugtar tuaslagóir (uisce sa chás seo) ar an sreabhán ina dtuaslagann na móilíní dúigh. Mar gheall ar thréithe difriúla na móilíní sa dúch, bogann siad ag luasanna difriúla nuair a tharraingíonn an tuaslagóir síos an páipéar iad. Mar shampla, tá cúpla dath i ndúch dubh. Nuair a shníonn an tuaslagóir trí fhocal a scríobhadh i ndúch dubh, bíonn tionchar difriúil aige ar gach dath, agus cruthaítear saghas “tuar ceatha” dá bharr. Cabhraíonn an t‑uisce leis na dathanna scaradh óna chéile ar an bpáipéar. Úsáideann ceimiceoirí crómatagrafaíocht i saotharlanna chun meascáin ceimiceán a scaradh óna chéile.

Bíonn an‑tóir ar an turgnamh crómatagrafaíochta i measc daltaí de gach aois ach tá sé oideachasúil freisin; faigheann na daltaí taithí ar fhiosrúchán, tugann siad buille faoi thuairim faoi na dathanna atá i ngach dath, agus úsáideann siad scileanna breathnóireachta agus obair bhuíne chun an teicníc scartha seo a fhiosú. Ina dhiaidh sin, is féidir tabhairt faoi réimse gníomhaíochtaí breise ina dtagann na daltaí ar fhianaise chun í a chur i láthair.

Gníomhaíochtaí Breise

  1. Tá an eachtra seo bunaithe ar theicnící a úsáidtear i saotharlanna coire chun samplaí dúigh a aimsítear ag láithreacha coire a imscrúdú. Tabhair dúshlán na ndaltaí leis an gcluiche CSI: Mistéir Bhrain. Inis do na daltaí go bhfuair an múinteoir nóta ar maidin ag rá go raibh a mhadra Bran ar iarraidh. Scríobhadh “Le grá, Bran” ag deireadh an nóta. Anois, tá a fhios ag gach duine gur madra é Bran agus nach féidir leis nóta a scríobh, mar sin ceapann an múinteoir go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh air. Tá sé in amhras faoi thriúr: an chomharsa, an garraíodóir agus fear an bhainne. Taispeáin a bpinn do na daltaí agus iarr orthu Ceimic a úsáid chun a oibriú amach cé a scríobh an nóta! (Leideanna: Oibríonn bainteoir vearnais ingne go han‑mhaith mar thuaslagóir. Gearr scagpháipéar i ribíní páipéir atá 15cm ar fad agus 4cm ar leithead. Tarraing líne le peann luaidhe agus le rialóir thart ar 1 cm ó bhun an ribín. Leagtar na ribíní páipéir go réidh sna coimeádáin ansin ina bhfuil thart ar 0.5cm den tuaslagóir. D’fhéadfadh sé suas go 30 nóiméad a thógáil go mbeidh an dúch scartha ina chomhpháirteanna.)
  2. Má úsáideann gach dalta dhá phíosa scagpháipéir, is féidir leo féileacáin nó feithidí cosúil leis an bpictiúr thíos a chruthú. Ceangail an dá phíosa scagpháipéir dá chéile agus úsáid réiteoirí píopa chun adharcáin a dhéanamh. magic marker

Bileoga Oibre

Tá trí bhileog oibre le gach turgnamh – ceann do na bunranganna, ceann do na meánranganna agus ceann do na hardranganna. Is féidir iad a chóipeáil go héasca agus a thabhairt do na daltaí i ndiaidh na gníomhaíochta nó mar obair baile.

Ceimic Chistine- Paca Acmhainní an Mhúinteora