Riospráid

Is éard is riospráid ann ná an próiseas ina mbaintear fuinneamh as bia. Is coincheap deacair é seo do dhaltaí. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go ndéanfaí nasc leis an ngnáthshaol agus le réamheolas na ndaltaí ar cheisteanna bunúsacha bitheolaíochta.

An Teoiric

Déanann an físeán seo nasc idir an t-eolas atá ag na daltaí cheana féin trí ghnáthshampla de thine lasta a léiriú agus an cheist a chur ar na daltaí: céard atá ag teastáil le tine a lasadh. Sa chaoi seo beidh tuiscint ag na daltaí ar an ábhar atá le cur os a gcomhair.

Conas an físeán seo a úsáid

Cuirtear tús tarraingteach leis an bhfíseán seo trí thine lasta a thaispeáint agus trí fhiafrú céard atá ag teastáil chun tine a lasadh. Beidh a fhios ag na daltaí go léir go bhfuil breosla ag teastáil le tine a lasadh, ach míníonn an réamhrá seo go bhfuil ocsaigin ag teastáil le haghaidh fuinneamh teasa / tine a lasadh. Tá sé seo an-chosúil leis an rud a tharlaíonn sa chorp. Is míniú atá sa chéad mhír eile a thugann le fios go bhfuil fuinneamh ag teastáil le gur féidir linn dul i mbun ár ngníomhaíochtaí laethúla. Déantar iarracht sa réamhrá tógáil ar an réamheolas atá againn trí cheisteanna a chur faoi fhoinsí breosla agus ocsaigine an choirp dhaonna.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Céard í an chothromóid atá ann do riospráid?Bia agus ocsaigin = fuinneamh.
  • Tarlaíonn comhshó fuinnimh sa riospráid. Céard é féin?Sa riospráid athraíonn an fuinneamh ceimiceach go fuinneamh teasa.
  • An ndéantar ocsaídiú nó laghdú ar ghlúcós le linn riospráide?Déantar ocsaídiú ar ghlúcós le linn riospráide.
  • Cén fuíolltáirge atá ag riospráid?Dí-ocsaíd carbóin agus uisce.
  • Cén próiseas a úsáideann fuíolltáirge na riospráide?Fotaisintéis

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir nasc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh mar a bhfuil bia agus análú mar théama lárnach.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Ocsaigin
  • Breosla
  • Riospráid
  • Eastósc
  • Fuinneamh

Uimhearthacht

Graf ag taispeáint an ocsaigin bhreise atá ag teastáil le breis gníomhaíochta a dhéanamh. D’fhéadfaí é a chur ar taispeáint agus d’fhéadfaí iallach a chur ar na daltaí na figiúirí a léamh agus míniú a thabhairt ar an méid a fheiceann siad.