An Córas Díleáite

Díríonn an físeán seo ar an mbarúil go bhfuil an córas díleáite ar nós mhuilinn bhig agus ar nós monarchan, ag briseadh síos bia i bpíosaí beaga níos lú arís chun fuinneamh a chur ar fáil – fuinneamh é seo a bhéas á úsáid ag an gcorp.

An Teoiric

Déanann an físeán seo comparáid idir córas díleáite an duine agus muileann sábhadóireachta – gearrtar an bia i bpíosa beaga níos lú arís díreach mar a ghearrann an sábh adhmad. Déantar comparáid idir an córas díleáite agus monarcha freisin, ag déanamh cur síos ar an gcaoi a n-aistríonn bia timpeall an chórais díleáite. Tá sé seo cosúil leis an gcaoi a bpróiseáiltear ábhar i monarcha. Bristear síos bia sa chaoi go gcuirtear fuinneamh ar fáil, agus gur féidir leis na cealla an fuinneamh seo a úsáid sa chorp.

Conas an físeán seo a úsáid

Úsáidtear samplaí réalaíoch ar nós mhuilinn shábhadóireachta agus monarchan chun suim na ndaltaí a tharraingt. Tugann na samplaí seo cúnamh dóibh nasc a dhéanamh leis an ábhar agus leis an eolas atá acu ar an ábhar cheana féin. Léirítear an córas díleáite mar mhonarcha, ag oibriú agus ag úsáid phróisis saincheaptha ina mbristear síos bia i gcodanna difriúla. Déantar é seo chun fuinneamh a chur ar fáil, agus ionas go mbeidh sé á úsáid ag na cealla sa chorp. Tugann an próiseas seo léargas níos soiléire den chóras díleáite dúinn ar bhealach atá spraíúil. Cé gur páirteanna ríthábhachtacha ( beathúla ) iad an paincréas agus an t-ae, agus go gcaithfear staidéar a dhéanamh orthu ag ardleibhéal don Teastas Sóisearach, fágtar amach iad sa phróiseas seo d’aon turas. Déantar é seo ionas gur féidir an coincheap iomlán maidir leis an gcóras díleáite ag briseadh bia síos a léiriú ar bhealach simplí. Is í an chéad chéim eile a bheadh i gceist sa cheacht ná réamhrá faoin léaráid maidir le córas díleáite an duine – na páirteanna agus feidhmeanna a bhaineann leo san áireamh, agus iad seo imlínithe ar an léaráid.

Páirt Feidhm
Béal Díleá fisiceach
An t-Éasafagas Aistríonn sé bia go dtí an goile trí imfháscadh
An Goile Díleá fisiceach agus ceimiceach
An Stéig bheag (8 méadar ar fhad) Díleá ceimiceach agus ionsúitear bia lán-díleáite agus cothaithigh isteach san fhuil
Paincréas Tá einsímí díleáite ann
An t-ae Déanann sé domlas (dileá saille)
An stéig mhór Ionsúinn / tógann sé an t-uisce as an mbia agus tá fuíoll ábhar fágtha
Reicteam Tá fuíoll ábhar ón mbia agus ón uisce stóráilte sa reicteam.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Céard iad an dá shaghas díleá éagsúl atá ann?Díleá fisiceach agus Díleá ceimiceach.
  • Céard é an saghas díleá a tharlaíonn trí na fiacla?Díleá fisiceach.
  • Céard faoin ngoile – céard iad na cineálacha díleá a tharlaíonn ansin?Díleá fisiceach: Measctar an bia le súlaigh dhíleácha agus déanann sé aigéad. Maraíonn an t-aigéad baictéir. Tarlaíonn díleá ceimiceach le haigéad agus le heinsímí.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir naisc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach. San ábhar seo, clúdaítear an Córas díleáite sa rannóg Bhitheolaíochta. Is féidir nasc a dhéanamh leis an ábhar O.S.S.P freisin mar déantar staidéar ar bhia shláintiúil san ábhar seo.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Díleá
  • Fisiceach
  • Ceimiceach
  • An Béal
  • An t-Éasafagas
  • An Goile
  • An Stéig Bheag
  • An Stéig Mhór
  • An Reicteam
  • An t-Anas

Uimhearthacht

Is féidir le daltaí tomhais a thabhairt ar cén t-achar a thógfadh sé ar bhia aistriú tríd an gcóras díleáite. Tá córas díleáite an ghnáthdhuine 8m ar fhad. De ghnáth, tógann sé 20 uair a’ chloig ar bhia dul tríd an gcóras díleáite. Is féidir an chothromóid seo a leanas a úsáid chun luas an chórais díleáite a aimsiú.

Luas = Achar /Am

Tá córas díleáite an ghnáthdhuine 8m ar fhad. Dá bhrí sin, tá achar 0.008 ciliméadar i gceist agus beagnach 20 uair a’ chloig. Tugann sé seo luas de 0.0004 ciliméadar san uair, cothrom le 40 ceintiméadar san uair – níl sé chomh sciobtha sin!