Eisfhearadh

Is éard atá san eisfhearadh ná an modh ina bhfaightear réidh le dramhaíl ón gcorp.

An Teoiric

Déantar nasc sa físeán seo le réamheolas na ndaltaí trí ghnáthshampla a léiriú den chaoi a ndéantar scarúint ar ghnáth-dhramhaíl an tsaoil. Sa chaoi seo tuigfidh na daltaí an t-ábhar.

Conas an físeán seo a úsáid

Déantar cur síos sa chéad chuid den físeán ar rudaí a bhfuil taithí ag chuile dhuine orthu, mar shampla ag cur allais agus ag mún, agus déantar plé ar an bhfáth go dtarlaíonn a leithéid sa chorp. Úsáidtear ábhar físiúil le suim na ndaltaí a chothú. Deirtear ann go mbíonn dramhaíl againn ar fad sa teach agus go bhfaighimid réidh leis. (D’fhéadfaí an acmhainn a stopadh anseo agus d’fhéadfadh an múinteoir na daltaí a cheistiú faoi dhramhaíl agus céard a tharlaíonn mura bhfaightear réidh léi). Mínítear ansin go ndéanann an corp dramhaíl nimhneach agus go gcaitear í seo a bhaint amach as na cealla. Déantar forbairt ar an gcoincheap seo nuair a deirtear gurb ionann an próiseas seo agus scagaire mar go gcoinnítear an t-ábhar maith agus faightear réidh leis an droch ábhar agus úsáidtear samplaí ar nós scagaireacht sa tsaotharlann, caolchiseal óir, nó scagaireacht sa chistin. Cuirtear deireadh leis an mír seo nuair a deirtear go dtugtar eisfhearadh ar an bpróiseas ina bhfaightear réidh le dramhaíl sa chorp.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén t-orgán a dtagann allas tríd?An craiceann
  • Cé na horgáin a dhéanann fual?Na duáin
  • Céard iad comhábhair allais?Salann agus uisce
  • Cé na horgáin eile atá bainteach le heisfhearadh? Céard a thagann astu?Tagann dí-ocsaíd carbóin as na scámhóga.

Naisc Thraschuraclaim

Clúdaítear an córas eisfheartha in Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisearaigh agus is féidir nasc a dhéanamh leis seo.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Fuíolltáirgí
  • Eisfhearadh
  • Allas
  • Fual

Uimhearthacht

Úsáid logálaí sonraí le comparáid a dhéanamh idir an méid dí-ocsaíde carbóin atá san aer ionanálaithe agus san aer easanálaithe sa chorp daonna.