Is éard atá i gceist le Géineolaíocht ná nuair a dhéantar staidéar ar chúrsaí oidhreachta agus ar éagsúlachtaí, ar iompar thréithe fhisiceacha ó thuismitheoirí go dtí na páistí trí fheidhmiú agus iompar na ngéinte. Is féidir linn staidéar a dhéanamh ar chúrsaí oidhreachta agus de bharr seo tá níos mó eolais againn ar an gcaoi a chuirtear tréithe ar aghaidh ó ghlúin go glúin.
An Teoiric
Faighimid a lán tréithe ónár dtuismitheoirí. Tá na tréithe seo faoi rialú na ngéinte. Díríonn an físeán seo ar an fhíric seo agus breathnaítear ar thréithe suimiúla a d’fhéadfadh a bheith ag na daltaí iad féin.
Conas an físeán seo a úsáid
Is éard atá i gceist leis an bhfíseán seo ná na tréithe fisiceacha éagsúla gur féidir a bheith ag daoine a léiriú do na daltaí. Tá gníomhaíocht / ceacht i gceist anseo – beidh na daltaí ag seiceáil go bhfeicfidh siad an bhfuil tréithe fisiceacha éagsúla acu. Tréithe oidhreachtúla a thugtar ar na tréithe fisiceacha seo. Ansin mínítear gur géineolaíocht í seo – nuair a dhéantar staidéar ar na tréithe seo.
Ceisteanna agus Freagraí
- An bhfuil tú ábalta tréith atá agat féin a ainmniú, agus an bhfuil an tréith chéanna ag do dheartháireacha agus deirfiúracha chomh maith?M.sh.: dath na gruaige, dath na súl, airde.
- Tréithe neamhoidhreachtúla a thugtar ar thréithe a fhoghlaimímid. An bhfuil tú ábalta trí cinn acu seo a ainmniú?A bheith ábalta níos mó ná teanga amháin a labhairt, a bheith ábalta rothaíocht, suim i spórt, a bheith ábalta léamh / scríobh srl.
Naisc Thraschuraclaim
Is féidir naisc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile agus O.S.S.P don Teastas Sóisearach.
Litearthacht (Eochairfhocail)
- Géineolaíocht
- Tréithe oidhreachtúla
- Tréithe neamhoidhreachtúla
- Géinte
Uimhearthacht
Is tionscadal bliantúil é CensusAtSchool atá idirnáisiúnta agus ar líne. Bailíonn CensusAtSchool sonraí cearta a bhaineann le daltaí. Tugann sé roinnt eolais ar thréithe, barúlacha agus tuairimí atá ag daltaí atá tar éis ceistneoir a líonadh. Is féidir le daltaí páirt a ghlacadh tré a gcuid sonraí féin a chur isteach. Is féidir sonraí ar thréithe (oidhreachtúla agus neamh oidhreachtúla) a íoslódáil, agus is féidir an t-eolas seo a úsáid sa seomra ranga, m.sh. is féidir oibriú amach cén céatadán de na daltaí a bhfuil tréithe oidhreachtúla faoi leith acu m.sh. súile donn.