Einsímí

Tá einsímí tábhachtach inár gcorp agus sa ghnáthshaol. Tugann an acmhainn seo réamhrá suimiúil dúinn ar einsímí trí fhoirm cheistiúcháin agus físeáin. Tá an-tábhacht le heinsímí chun bia a bhriseadh anuas ina móilíní beaga bia, agus is féidir leis na daltaí an tábhacht seo a fheiceáil agus a thuiscint.

An Teoiric

Déanann an físeán seo nasc leis an eolas atá ag na daltaí ar an ábhar cheana féin, nuair a úsáidtear an gnáth shampla de einsímí mar a úsáidtear iad i mbia linbh. Ar an mbealach seo, beidh na daltaí ábalta nasc a dhéanamh leis an ábhar atá á chur ós a gcomhair.

Conas an físeán seo a úsáid

Ag tús an fhíseáin seo déantar comparáid idir bia linbh agus lacht cíche. Cuirtear ceisteanna ar na daltaí chun iad a chur ag smaoineamh faoi na comhábhair bhia atá i lacht cíche – atá riachtanach do leanaí óga. Mínítear go bhfuil einsímí le fáil i mbia linbh agus i lacht cíche. Feictear an chaoi a n-oibríonn einsím nuair a thaispeántar beochan de einsím (pacman) ar fhíseán, ag briseadh mhóilín bhia síos go comhábhair níos lú. Tabharfaidh sé cúnamh do na daltaí an próiseas seo a fheiceáil go soiléir. Mínítear gur einsím é amaláis a bhriseann síos stáirse. Sa bhéal a bhíonn an einsím seo agus briseann sé síos slabhra fada de charbaihiodráití (stáirse) in aonaid níos lú de shiúcraí (mar shampla: maltós) – próiséas ar a dtugtar díleá ceimiceach.

Cuireann an cheist deiridh na daltaí ag smaoineamh faoi shamplaí eile de einsímí sa gnáthshaol. Ansin taispeántar íomhá de ghlantach bitheolaíoch. Is féidir míniú do na daltaí go bhfuil einsímí i nglantaigh bhitheolaíocha a bhriseann síos smáil salachair a bhíonn ar éadaí. Oibríonn glantaigh bhitheolaíocha níos fearr ná táirgí nach bhfuil bitheolaíoch, mar tá einsímí bréige iontu a bhriseann síos smáil salachair agus iad ag ní. Níl na heinsímí seo sna glantaigh nach bhfuil bitheolaíoch. Beidh léirthuiscint níos fearr ag na daltaí go bhfuil einsímí á n-úsáid i dtáirgí éagsúla go laethúil, agus go n-oibríonn siad mar an gcéanna leis na heinsímí siúd atá i gcorp an duine. Beidh an múinteoir ábalta tagairt a dhéanamh don einsím atá i bhfoirm beochana (pacman), agus míniú do na daltaí go mbriseann an amaláis (pacman) an stáirse síos ina shiúcraí ar a dtugtar maltós. Déanann na daltaí turgnamh le fáil amach cén chaoi a n-oibreoidh glantaigh bhitheolaíocha agus glantaigh nach bhfuil bitheolaíoch nuair atá agar stáirse á úsáid.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Déan liosta de na gnáth shamplaí laethúla ina n-úsáidtear einsímí?Bia Linbh / Bainne. Nuair a dhéantar sú torthaí. Glantach bitheolaíoch. Earraí glantacháin.Ag Grúdú alcóil : faigheann an amaláis réidh leis an stáirse atá méalaithe chun beoir a dhéanamh níos trédhearcaí.
  • Is catalaíoch é einsím. Mínigh an téarma catalaíoch.Cuireann catalaíoch luas le imoibriú ceimiceach – ní bhíonn an catalaíoch é féin úsáidte suas san imoibriú.
  • Ainmnigh an einsím a bhriseann síos stáirse?Amaláis
  • Céard a dhéantar nuair a bhriseann Amaláis síos stáirse?Táirge = Maltós.
  • Céard a thugtar ar an bpróiseas nuair a bhristear síos stáirse ag úsáid einsímí?Díleá ceimiceach.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir naisc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach. San ábhar seo, clúdaítear an Córas díleáite sa rannóg bhitheolaíochta.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Einsím
  • Amaláis
  • Stáirse
  • Díleá ceimiceach
  • Bitheolaíoch

Uimhearthacht

D’fhéadfadh na daltaí suirbhé a dhéanamh faoi na heinsímí éagsúla atá sa ghnáthshaol, agus graf a tharraingt de réir na gcatagóirí dhifriúla atá acu, m.sh. tionsclaíocht, bia, táirgí níocháin.