Bíonn muid eolach faoi céard atá ag tarlú dúinn agus céard atá ag tarlú timpeall orainn mar gheall ar an gCóras Céadfach. Tugann na baill chéadfacha an t-eolas seo dúinn.
An Teoiric
Breathnaíonn an físeán seo ar an an gcaoi gur féidir linn a bheith eolach faoi rudaí, agus an chaoi a bhfreagraímid nó a n-iompraímid muid féin leis an timpeallacht thart orainn trí ár mbaill chéadfacha, go hairithe trí a bheith ag éisteacht. Mínítear cén chaoi a n-úsáideann muid ár gcuid céadfaí uile chun eolas a fháil ónár dtimpeallacht agus é a thuiscint.
Conas an físeán seo a úsáid
Cloisfidh na daltaí dhá fhuaim dhifriúil agus iarrfar orthu iad seo a scríobh síos. Iarrfar orthu céard dhó a sheasann na fuaimeanna seo agus é seo a scríobh síos. Is iad na fuaimeanna atá i gceist ná iad seo a leanas:
- Ag bualadh Cnónna cócó in aghaidh a chéile – léiríonn an fhuaim bogshodar a bhaint as capall.
- Ag crapadh ceallafáin – léiríonn an fhuaim seo cith trom, báisteach nó cloiche shneachta.
Ansin taispeánfar físeán do na daltaí ina ndéantar fuaimeanna in áit atá feiliúnach agus rialaithe. Cuirfear ceist orthu agus iad ag féachaint ar an bhfíseán an é seo a raibh siad ag súil leis. Léireoidh sé seo do na daltaí go n-úsaidimid níos mó ná céadfach amháin chun an t-eolas a fhaighimid ónár dtimpeallacht a thuiscint. Léireoidh sé seo dóibh an tábhacht a bhaineann leis an gcóras céadfach.
Ceisteanna agus Freagraí
- An féidir leat an cúig ball céadfach agus a gcuid céadfaí a ainmniú?Súile don radharc, cluasa don éisteacht, srón don boladh, craiceann don tadhall, teanga don blas
- Céard a tharlaíonn nuair a spreagtar muid? An mbeadfá in ann sampla a thabhairt?Déantar gníomhú éigin. M.sh: Nuair a bheirtear ar rud éigin atá te, bogann muid ár lámh amach uaidh.
Naisc Thraschuraclaim
Is féidir naisc a dhéanamh le hEacnamaíocht Bhaile agus O.S.S.P don Teastas Sóisearach.
Litearthacht (Eochairfhocail)
- An Córas Céadfach
- Timpeallacht
- Timpeallachtaí
- Baill Chéadfacha
- Spreagadh
- Freagairt
Uimhearthacht
Tabhair cúpla cás do na daltaí agus ansin cuir ceisteanna orthu faoi cé mhéad céadfa atá i gceist i ngach cás. M.sh ag rothaíocht, a cócaireacht, ag staidéar…