Dúil, Adaimh, Comhdhúil agus Meascáin

Is topaic iomlán nua í seo do dhaltaí atá ag déanamh staidéir ar eolaíocht sa chéad bhliain. Is réamhrá é ar théarmaíocht shimplí na ceimice. Chun cur le tuiscint na ndaltaí is féidir an ghníomhaíocht maidir leis na fáiscíní páipéir a úsáid nuair atá coincheapa agus téarmaíocht a bhaineann leis an topaic á mhíniú agat. Is féidir dul siar a dhéanamh ar an ngníomhaíocht seo arís ag deireadh na topaice chun measúnú a dhéanamh, agus is féidir é a úsáid mar straitéis foghlama – mar atreisiú, agus le ceisteanna a chur ar na daltaí sainmhíniú a léiriú ag úsáid na bhfáiscíní páipéir.

Modheolaíocht

Ábhair

Fáiscíní páipéir le méid agus dathanna difriúla acu.

Modh

Roinn na fáiscíní páipéir i gcairn ina bhfuil an méid agus dath céanna acu. Is dúil iad seo. Tóg carn amháin de fháiscíní páipéir. Roinn an carn sin in dhá charn. Lean ar aghaidh ag roinnt na gcarn go dtí nach mbeidh fagtha ach fáiscín páipéir amháin i ngach carn – léiríonn sé seo an t-adamh, an pháirt is lú den dúil, a bhfuil airíonna dúile aige. Ag úsáid gearrthóirí sreinge nó siosúr, gearr an fáiscín páipéir i bpíosaí beaga – ní adamh é níos mó. Nasc le chéile dhá fháiscín páipéir ina bhfuil an méid agus dath céanna acu i “nasc” – léiríonn sé seo móilín. Nasc le chéile dhá fháiscín páipéir nó níos mó a bhfuil méid nó dathanna difriúla acu chun móilíní difriúla a dhéanamh. Cuir le chéile na móilíní difriúla seo i gcarn chun meascán a dhéanamh. Scar na fáiscíní páipéir ón mbunmheascán leis na naisc dhifriúla. Cuir an dá chuid de fháiscíní páipéir atá nascaithe i ngrúpa le chéile – léirionn sé seo comhdúil. Déan iarracht iad a tharraingt ó chéile chun iad a scaradh.

An Teoiric

Tá na dúil uile ar an tábla peiriadach déanta suas as adaimh: léirítear é seo trí charn de fháiscíní páipéir a úsáid. Tá na hadaimh uile i ndúil aonarach amháin uilig mar an gcéanna: tá an dath agus an méid céanna ag na fáiscíní páipéir uile atá sa charn. Tá tréithe (méid, airíonna) difriúla ag adaimh maidir le dúil difriúla. Tá móilin déanta as dhá adamh nó níos mó ná sin, agus iad curtha le chéile go ceimiceach. Tá dhá fháiscín páipéir nó níos mó ná sin curtha le chéile i “nasc”. Níl sé éasca iad a scaradh: M.sh. O2 H2O, CH4. Déantar meascán ó dhá shubstaint nó níos mó ná sin – iad le chéile ach ní go ceimiceach. Is féidir meascán de shubstaintí a scaradh go héasca. Is féidir le hadaimh ó dhúil difriúla a theacht le chéile chun comhdhúil a dhéanamh: is féidir fáiscíní páipéir atá de mhéid agus dathanna difriúla a nascadh le chéile chun struchtúir nua a dhéanamh. Tá sé níos deacra comhdhúil a scaradh. In imoibriú ceimiceach, ní dhéantar adaimh, ní scriostar, ná ní athraítear iad: ní raibh na fáiscíní páipéir scriosta ná athraithe agus ní raibh cinn cruthaithe ach oiread nuair rinneadh na móilíní agus na comhdhúil.

Conas an físeán seo a úsáid

Dúil, meascáin agus comhdhúil – is topaic é seo a léiríonn go leor faoi théarmaíocht cheimice do na daltaí. Is iad na príomhphointí atá le foghlaim na an téarmaíocht agus na sainmhínithe. Is é seo an chéad uair a bhéas na daltaí ag foghlaim faoi adaimh, dúil agus comhdhúil agus is cosúil go bhfoghlaimíonn daltaí na sainmhínithe de ghlan mheabhair gan é thuiscint ar chor ar bith. Trí na dúil a léiriú mar charn de fháiscíní páipéir, is féidir an chuid is mó de na sainmhínithe a léiriú ar bhealach a chuidíonn leo na sainmhínithe a thuiscint níos fearr. Is féidir leis an múinteoir an taispeántas seo a úsáid ag tús na topaice chun an téarmaíocht ón chaibidil seo a chur i láthair, agus d’fhéadfadh sé freisin nasc a dhéanamh le heolas a bhaineann leis an an gcaibidil uile. D’fhéadfadh an múinteoir gníomhachtaí a úsáid ag deireadh na topaice chun measúnú a dhéanamh, agus mar straitéis foghlama – mar atreisiú, agus le ceisteanna a chur ar na daltaí na sainmhínithe a mhíniú ag úsáid na bhfáiscíní pháipéir.

Ceisteanna & Freagraí

  • Céard é an t-aonad is lú atá sa charn de fháiscíní páipéir?Faiscín páipéir amháin. Is é an t-aonad is lú é mar gurb é an t-aonad athfhillteach is lú.
  • Cén chaoi a bhfuil sé seo cosúil le adamh?Is é an t-adamh an t-aonad is lú den dúil. Dá mbeadh an dúil briste i bpíosaí níos lú agus níos lú arís bheadh dúil aonarach againn faoi dheireadh. Ta na haríonna agus na tréithe céanna ag na hadaimh seo mar a bheadh ag dúil.
  • An féidir adamh a bhriseadh síos i gcáithníní níos lú?Is féidir. Is féidir adamh a bhriseadh síos i bpíosaí beaga ar a dtugtar cáithníní fo-adamhacha. Tá méid difriúil de cháithníní fo-adamhacha ag adaimh ó dhúile difriúla. Ach nuair a bhristear suas an adamh, níl airíonna na dúile aige ( díreach ar nós na bhfáiscíní páipéir – níl choinníonn siad an páipéar le chéile níos mó nuair a bhristear suas iad)
  • Céard é dúil ?Is substáint é dúil nach féidir a bhriseadh síos ina substáintí níos simplí go ceimiceach. Tá dúil déantá as adamh d’áon chineál amháin.
  • Céard é an difríocht idir móilín agus comhdhúil?Is é an móilín an pháirt is lú den dúil nó comhdhúil agus is féidir leis seasamh amach leis féin. M.sh. O2 Tá a chuid airíonna féin aige agus is substáint nua uile é. Déantár comhdhúil nuair a nasctar níos mó ná dúil amháin le chéile go ceimiceach. Tá na hairíonna atá ag comhdhúil difriúil ó na hairíonna atá ag na dúil.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Dúil
  • Adamh
  • Meascán
  • Móilín
  • Comhdhúil

Naisc Thraschuraclaim

Déanann an mír seo naisc idir coincheapa atá deacair ag baint úsáid as rud an-simplí: fáiscín páipéir. Is féidir tuilleadh a chur leis an bhfoghlaim trí réamhrá a thabhairt faoin struchtúr adamhach bunúsach nuair a dhéantár plé ar ghearradh an fháiscín pháipéir ina phíosaí beaga. D’fhéadfaí an mír seo a nascadh le meascán deighilte.