Carbón

Sampla maith é Carbón le topaic na neamhmhiotail a chur i láthair na ndaltaí. Sé Carbón bunchloch an tsaoil. Ó réamheolas na ndaltaí agus ón t-eolas atá acu ón ngnáthshaol laethúil is féidir comparáid a dhéanmh le foirmeacha difriúla charbóin m.sh tósta dóite, diamaint, agus pinn luaidhe. Tá an taispéantas seo fíor shimplí agus is féidir é a dhéanamh i ngnáth seomra ranga agus tá na hábhair riachtanacha ar fáil go héasca.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Cóinneal mór
  • Tíl bhán

Modh

Leag tíl anuas ar choinneal atá ar lasadh chun srian a chur leis an soláthar ocsaigine. Croch suas an tíl bhán agus is fíor charbón atá san súiche atá fágtha ar an tíl.

Moltaí

Déan cinnte nach múchtar an choinneal agus an tíl crochta os a cionn.

An Teoiric

Nuair a dhóann an choinneal in aer imoibríonn an chéir leis an ocsaigin chun dé-ocsáid charbóin a tháirgeadh. Bíonn roinnt uisce ann freisin i gcásanna, agus solas chomh maith i bhfoirm fuinnimh. Is féidir imoibriú ceimiceach de ghnáth dóchán a scríobh mar seo a leanas.

C25H52 + 38 O2 –> 25CO2 + 26 H2O + Fuinneamh

Céir pairifín + Ocsaigin –> Dé-ocsaíd charbóin + Uisce + Fuinneamh

Sa taispeántas seo tá an ocsaigin srianta le linn dóchan na coinnle. Ciallaíonn sé seo go bhfuil níos lú dé-ocsáid charbóin ann de bharr srian na hocsaigine agus cruthaítear fíor charbón ina áit. Is é an t-imoibriú ceimiceach a tharlóidh ná:

Céir pairifín + Ocsaigin (teoranta)  –> Carbón (súiche) +Dé=ocsaíd charbóin (teoranta) + uisce + fuinneamh

Conas an físeán seo a úsáid

Tá an réamhcheacht seo thar a bheith éifeachtach agus tá sé éasca don mhúinteoir é a chomhlíonadh sa seomra ranga. Tugann sé an deis do dhaltai samplaí realaíocha a fheiceáil de na dúil/neamhmhiotail sa seomra ranga agus táispeáineann sé an chaoi a dtáirgítear carbón go héasca. Treisíonn sé na hathruithe sna staideanna éagsúla a bhíonn ag na dúil sna comhdhúil. Is féidir go leor nascanna dhéanamh le feidhmeanna charbóin sa gnáthshaol.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén áit a fhaightear carbón sa ghnáthsaol laethúil?Diamaint, graifít (Peann luaidhe), gual, leigheas agus i gcarbaihiadraití.
  • Céard a thugann seo le fios faoi charbón?Go bhfuil sé i láthair i go leor foirmeacha éagsúla.
  • Cén rud atá difrúil idir na foirmeacha difriúla carbóin?An chaoi a ndéanann carbón nasc.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Dóchán
  • Carbón

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir an réamhcheacht seo a úsáid agus tú ag déanamh cur síos ar an tábla peiriadach agus ar na hairíonna atá dé-ocsaíd charbóin.