Cóimhiotail

Is í an aidhm atá ag an taispeántas seo ná leagan ceimiceach den ailceimic a thabhairt agus an coincheap a bhaineann le cóimhiotail a léiriú do na daltaí. Déantar é seo trí bhonn copair 5c a athrú, go ‘ór’. Ar dtús, athraíonn muid an 5c go bonn ‘airgead’. Déantar é seo tré sinc a ghalbhánú ar an mbonn copair. Nuair a théitear an bonn airgid seo, déantar cóimhiotal, práis, agus tá cosúlacht óir ar an mbonn. Is féidir an próiseas seo a nascadh le feidhmiú tionsclaíoch faoi leith, ag galbhánú iarainn agus cruach dhosmálta chun meirg a sheachaint.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Eascra (250 cm3)
  • Teophláta / Pláta te
  • Dóire bunsen
  • Tríchosach troiste agus uige
  • Tlú
  • Slat measctha (gloine)
  • Púdar Since / miotal (5g)
  • Millíní déanta as hiodrocsaíd sóidiam, 24g
  • Olann chruach
  • 100 cm3 uisce driogtha
  • Bonn copar (5c)

Modh

Ullmhúchán:

Ag meascadh i gcónaí cuir 24 g de mhillíní atá déanta as hiodrocsaíd sóidiam ag tuaslagadh in 100cm3 uisce atá dí-ianaithe/driogtha in eascra. Tá an tuaslagán tiubhaithe (6M), tá teas uaidh agus tá sé creimneach. Ag úsáid pláta te, téigh an tuaslagán go dtí go bhfuil sé ar fiuchadh. Nuair a fhiuchtar an tuaslagán, múch an pláta te. Cuir 5g de miotal since / púdar leis go cúramach. Déantar sincít shóidiam agus scaoiltear gás hidrigine amach. Glan an bonn 5c le holann chruach go dtí go bhfuil sé ag lonradh.

Taispeántas:

Cur an bonn 5c atá glanta isteach i dtuaslagán te ina bhfuil sincít shóidiam agus an púdar since / miotal ann. Déan cinnte go bhfuil an bonn i dteagmháil leis an bpúdar since nó an miotal ag úsáid an slat gloine. Fág ann an bonn san tuaslagán since go dtí go mbeidh sé plátáilte le cóta since (2-3 nóim). Bain úsáid as tlú leis an mbonn a thógáil ón eascra agus bain an t-iarmhar dhó le huisce ón sconna. Taispeáin an bonn airgid don rang. Ag úsáid tlú, beir ar an mbonn plátáilte agus croch sa lasair bunsen ar feadh cúpla soicind é go dtí go mbeidh dath an óir ar a dhromchla ( ag cinntiú go bhfuil an dá thaobh gar don lasair). Lig dó fuarú síos agus taispeáin don rang é.

Moltaí

Tá sé tábhachtach go bhfuil an bonn glanta go maith ag úsáid olann chruach sula ndéanfar an taispeántas. Má fhágtar an bonn san sincít shóidiam ró-fhada d’fhéadfadh cnapanna since greamú dhó. Tá sé tábhachtach go nglantar an bonn sula ndóitear é chun aon iarmhar atá air a bhaint dhó, mar chuirfeadh sé seo as don próiseas maidir le athrú datha. Má dhéantar an iomarca téamh ar an mbonn ‘ór’, smálaítear é.

An Teoiric

Nuair a chuirtear an sinc leis an hiodrocsaíd sóidiam atá ar fiuchadh déantar an tuaslagán sincít shóidiam agus as sin déantar gás hidrigine. Feictear é seo i bhfoirm bolgáin ag ardú san tuaslagán.

Déantar an sincít shóidiam mar seo:

Zn(s)+ 2NaOH(aq)+ 2H2O(l) → Na2[Zn(OH)4](aq) + H2(g)

Leagtar síos an sinc ar an mbonn 5c. Ní tharlóidh an t-imoibriú muna bhfuil an copar agus an sinc i dteagmháil lena chéile. Ní dhéantar aon substaint nua. Bíonn cosúlacht ‘airgead’ ar an mbonn copair mar gheall ar an bplátáil atá ar an sinc. Nuair a théitear an ‘t-airgead’ seo i mbunsen, tagann an copar agus an sinc le chéile chun cóimhiotal ar a dtugtar prás a dhéanamh. Tugann sé seo bonn ‘ór’ dúinn. Is cóimhiotal chopair é prás – tá idir 18% – 40% de sinc i gceist, agus úsáidtear é in uirlisí cheoil, murláin doirse, glais, sipeanna, agus lón lámhaigh.

Conas an físeán seo a úsáid

Oibróidh an físeán seo níos fearr nuair a chuirtear an topaic cóimhiotail i láthair – tá miotal mar pháirt den topaic. Cuirfidh an físeán seo na daltaí ag smaoineamh agus ardóidh sé ceisteanna. Is féidir ceisteanna a úsáid chun na daltaí a spreagadh ionas go mbeidh siad ag smaoineamh faoina bhfuil ag tárlú san fhíseán. Léiríonn an taispeántas seo freisin an tionchar atá ag teas ar staideanna shubstainte agus is féidir an próiseas seo a nascadh le próisis tionsclaíochta atá in úsáid go domhanda. D’fhéadfadh an múinteoir an taispeántas seo a dhéanamh sa rang i dtimpeallacht atá rialaithe agus d’fhéadfaí boinn a ullmhú roimh ré le tabhairt do na daltaí.

Ceisteanna & Freagraí

  • Céard is cóimhiotal ann?Is meascán nó tuaslagán de mhiotail difriúla é cóimhiotal.
  • Céard é an difríocht idir cóimhiotal agus ábhar?Is féidir cóimhiotal a dhéanamh le comhshuíomhanna éagsúla nó cóimheasa difriúla de chomhábhair. Tá comhshuíomh faoi leith ag ábhar. Déantar iad leis an líon céanna adaimh ó na dúile atá i gceist.
  • Ar athraigh an bonn copair go airgead?Níor athraigh. Tá an chosúlacht seo ar an mbonn mar cuireadh bratú since air. Greamaíonn gráinníní since den chopar sa bhonn ar nós mar a dhéantar i bpróiseas leictreaphlátáil thionsclaíoch. Ní dhéantar aon shubstaint nua.
  • Cén fáth an gceapfá go bhfuil gá le teas ionas go n-áthróidh an bonn go ‘ór’?Tré an copar agus an sinc a théamh ar an mbonn, beidh leacht déanta acu a thugann seans do na móilíní atá ag na dúile bogadh timpeall agus meascadh lena chéile, go dtí go ndéanann siad cóimhiotal atá aonchineálach nó atá measctha go cothrom i rith an ama.
  • Cén chaoi a bhfeadfá an bonn a thástáil chun cruthú nach bonn ór bréagach a bhí ann?Cé go bhfuil ór ar ceann de na miotail is troime, tá sé an-bhog. Nuair a bhaineann tú plaic as píosa ór bá chóir go mbeadh marc fágtha agat ann. Chomh maith leis sin, dá mbeadh bratú de mhiotal nó de chóimhiotal eile ag an mbonn, dá mbainfeá plaic as scríobfadh sé é agus bheadh an miotal in íochtar le feiceáil. Tá níos mó modhanna eolaíocha ann sa lá atá inniu ann le fáil amach an bhfuil ór góchumtha nó mura bhfuil.

Naisc Thraschuraclaim

Tá an próiseas céanna maidir le plátáil óir in úsáid ó thaobh na tionsclaíochta de. Is féidir naisc a dhéanamh le próisís tionsclaíochta – bratú pairteanna de charranna, buacairí, dóirí gás do chistineacha, fonsaí-rotha, agus go leor rudaí eile. Úsáidtear cóimhiotail go minic i dtionsclaíocht agus baintear úsáid astu go forleathan i gcúrsaí mara, leighis, tráchtála, cónaithe agus monarcaíochta. Is féidir an mheirgiú agus an creimeadh a tharlaíonn d’iarainn agus do chruacha a sheachaint trí iad a bhratú le sinc. Galbhánú a thugtar ar an bpróiseas seo.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Sinc
  • Copar
  • Cóimhiotal
  • Prás