Tuaslagáin

Tá go leor ar eolas ag na daltaí cheana féin faoin gcoincheap maidir le déanmhaíocht tuaslagán agus is féidir é seo a úsáid chún ceisteanna a chur, agus iad féin a cheistiú faoin méid atá ar eolas acu faoin ábhar. Beidh na daltáí eolach ar thuaslagáin agus tuaslagóirí ó ghnáth shamplaí an lae. Beidh eolas acu cheana féin go dtuaslagann substaintí chun tuaslagáin a dhéanamh. Beidh a fhios acu cheana cén ról atá ag uisce mar thuaslagóir m.sh. ag tuaslagadh siúcra agus salainn. Beidh a fhios acu freisin nach n-imíonn an siúcra as mar bíonn blas milis ar an dtuaslagán. Chun an coincheap seo a threisiú agus sampla físeach a thabhairt dóibh, is féidir aicéatón (tuaslagóir) a úsáid chun polaistiréin (tuaslagáit) a dhéanamh. Is é uisce an tuaslagóir uilíoch – tá sé tábhachtách a threisiú go bhfuil an coincheap céanna i gceist maidir le tuaslagóirí eile.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Cupán polaistiréine
  • Aicéatón
  • Fochupán
  • Scálaí

Modh

Meáigh an cupán polaistiréine. Cuir an cupán polaistiréine ar phlátá Doirt aicéatón isteach i gcupán ( thart ar ¼ den chupán) Féach go grinn ar an aicéatón ag tuaslagadh na polaistiréine. Fág an tuaslagán ar leatáobh le galú (nasc le meascán deighilte) Tár éis dó galú, meáigh an cupán arís agus déan comparáid idir an toradh a fhaightear leis sin agus an cupán réamh-thuaslagtha.

Moltaí

Bealach eile a bheadh éifeachtách agus drámatúil ná Styrofoam a thuaslagann in aicéatón. De bharr go bhfuil go leor aer i Styrofoam, gan mórán tuaslagóra á úsáid, feictear go leor cúir agus ansin imíonn sé.

An Teoiric

Ag déanamh ceangal le réamheolas na ndaltaí ar thuaslagáin siúcra agus uisce te, is féidir leis an múinteoir a mhíniú sa sampla seo gurb é an t-aicéatón (própánón) an tuaslagóir, gurb í an pholaistíréin an tuaslagáit agus go ndéantar tuaslagán. Briseann an t-aicéatón an pholaistíreín síos ina chodanna níos lú agus níos lú agus bíonn siad fós i láthair sa tuaslagán. Toisc go bhfuil polaistiréin déanta as aer don chuid is mó, ní theastaíonn ach méid fíor bheag aicéatóin chun an cupán a thuaslagadh. Is féidir coincheap an tuaslagáin a threisiú trí scrúdú a dhéanamh ar an méid den chupán polaistiréine atá fágtha nuair atá an t-aiceatón galaithe. Tá an líon a fhágtar tar éis dó galú i bhfad níos lú ná an méid a bhí ann ag an tús, mar cailltear aer nuair a bhriseann an pholistiréin síos ina phíosaí.

Aicéatón

(Própán-2-haon)

Figiúr 2: Stuchtúr ceimiceach Aicéatón, stiréin agus polaistiréin

Is polaiméir é polaistiréin atá déanta suas de shlabhra mhóilíní stiréine atá ceangailte lena chéile. Tugtar monaméir ar an stiréin. Polaiméir a thugtar ar go leor monaméir nasctha lena chéile.

Conas an físeán seo a úsáid

Tá a fhios ag daltaí go maith go dtuaslagann siúcra agus salann in uisce. Tá a fhios acu chomh maith go bhfuil an salann agus an siúcra i láthair sa tuaslagán mar tá blas goirt nó milis air. Trí úsáid a bhaint as an aicéatón mar thuaslagóir, ba cheart go dtuigfeadh na daltaí go bhfuil an prionsabal céanna ag baint leis seo agus úsáid thuaslagóir eile seachas uisce. Is féidir an pholaistiréin a aimsiú san tuasglagán nuair a ghalaíonn an t-aicéatón, is léir go raibh sé briste síos ina phíosaí níos lú é ag an aicéatón, agus bhí an chuma air go raibh sé imithe as radharc.

Tá an taispeántas seo seo simplí agus d’fhéadfadh na daltaí é a dhéanamh iad féin nó an múinteoir é a dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh ag tús nó i lár ceachta nuair atá samplaí de uisce agus salann pléite.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Céard tá ag tarlú don cupán polaistiréine dar leat?Briseann an cupán polaistiréine síos ina phíosaí beaga atá ró bheag le féiceáil; sin é an fáth go n-imíonn siad as radharc. Tá na píosaí le fáil go fóill san tuaslágan ach tá siad ró bheag le feiceáil agus tá leagan amach neamhghnáthach orthu. Ní scriostar na píosaí riamh, níl ann ach go mbíonn leagan amach difrúil orthu. Bhí na móilíní a bhí brúite go tréan agus ceangailte – bhí siad ag tabhairt crúth soladach dó. Tá na píosaí seo briste amach ag an aicéatón ach mar sin féin tá siad i láthair sa tuaslágan atá déanta. Má thugann muid deis don aicéatón galú, beidh muid in ann na móilíní polaistiréine a fhéiceáil fágtha ina dhiaidh.
  • Cén fáth a gceapann tú go mbristear suas na píosaí polaisitiréine san aicéatón?Tá tarraingt níos mó idir na píosaí polaistiréine agus an t-aicéatón ná mar atá siad tarraingthe ag a chéile. Ciallaíonn sé seo go bhfúil na píosaí polaistiréine ag briseadh amach óna chéile agus ag tuaslagadh san aicéatón ag déanamh tuaslagáin. Caithfidh na píosaí san tuaslagáit agus tuaslagóir a bheith tarraingteach ag a chéile go láidir chun tuaslágan a chruthú.
  • Má fhaightear na píosaí go léir nuair a ghalaíonn an t-aicéatón ón tuaslagán, cén fáth nach bhfuil an mais mar a chéile?Tá pócaí beaga aer le fáil sa chupán polaistiréine a chuireann leis an mais atá aige. Nuair a thuaslagann an t-aicéatón an cupán, scaoiltear amach an t-aer agus níl an mais céanna i láthair tar éis an ghalaithe. Chun béim a leagann air an difríocht ar mhodh níos éifeachtaí, d’fhéadfaí styrofoam a úsáid (tá níos mó aer ann).

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir nasc a dhéanamh le réamheolas an dalta ar thuaslagáin. Is féidir tágairtí a dhéanamh do shiúcra agus don tae agus an chaoi ina bhfuil a fhios againn go bhfiul siúcra i láthair san uisce i.e tá blas milis air. Is féidir tuaslagáin choitianta eile a phlé ar nós glóthaigh ag tuaslagadh in uisce te, agus céard a tharlódh da mbainfeadh muid triall as an glóthach a thuaslagadh in uisce fuar? Cén fáth go gcuirtear taibléid ocsaigin isteach i ndabhach éisc? Céard iad na difríochtaí san uisce a d’fhéadfadh éifeacht a bheith aige ar an líon uisce nó gáis in uisce? Is féidir ceangal a dhéanamh chomh maith leis an topaic plaisteach agus polaiméir.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Tuaslagáit
  • Tuaslagóir
  • Tuaslagadh
  • Intuaslagtha
  • Intuaslagthacht

Uimhearthacht

Is féidir an cupán a mheá roimhe agus tar éis an turgnaimh agus an mais a chuir in iúl in aonaid dhifrúla m.sh) mg nó g. Bheadh na daltaí ansin in ann na fáthanna éagsúla a phlé nuair a fhaightear na torthaí.