Ag Scaradh Meascán

Tá daltaí ar an eolas gur féidir meascáin ar nós gaineamh agus uisce, salann agus uisce, agus píosaí iarainn agus sulfar a scaradh óna chéile ag úsáid teicnící éagsúla. Ba cheart go gcruthódh scaradh Coke agus a chuid comhábhar difriúl suim i measc na ndaltaí de bharr gur ábhar é a úsáideann siad ó lá go lá agus nach mbeadh siad ag smaoineamh air mar mheascán. Is í an aidhim atá ag an bhfíseán seo chomh maith ná cúnamh a thabhairt do na daltaí tuisicnt a fháil ar dhriogadh mar theicníc scartha. Tá éifeacht fhíseach iontach idir na comhábhair éagsúla atá sa Coke. Tá teicníc an driogtha ar ceann de na teicnící is mó a mbíonn fadhbanna ag na daltaí leis. Ba chóir go dtacódh an nasc a dhéantar leis an gnáthsaol laethúil le tuiscint na ndaltaí.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Coke
  • Trealamh Driogtha
  • Dóire Bunsen
  • Teirmiméadar
  • 3 Eascra
  • Sliseanna fiuchta (Boiling chips )
  • Tonnadóir
  • Smarties

Modh

Táispéain cé chomh éasca agus atá sé meascán a scaradh óna chéile bunaithe ar na tréithe atá acu, ag úsáid carn Smarties. Scar an meascán ag cur Smarties den dath céanna le chéile. Ullmhaigh an trealamh driogtha. Ag úsáid an tonnadóra, doirt timpeall 100ml Coke isteach in eascra tóinchruinn. Cuir leis na sliseanna chun go mbeidh an téamh cothrom. Cuir an trealamh driogtha ann in áit na heascra tóinchruinn. Cuir teas leis ag úsáid dóire bunsen. Déan cinnte go bhfuil an eascra curtha ar dheiridh an trealaimh i gceart chun an leacht comhdhlúite a bhailiú. Ag 100°C, galaíonn uisce agus comdhlúitear é leis an uisce fuar i gcomhdhlúthadán Liebig. Coinnigh an teocht ag 100°C go mbeidh an t-uisce ar fad galaithe. Ag teochtanna níos airde, galaíonn gásanna agus ceimicí eile. Bailigh in eascra eile iad seo. Nuair atá an chuid is mó den uisce galaithe as an dtuaslagán Coke san eascra tóinchruinn, dóirt na comhábhair isteach san triú eascra chun compáraid a dhéanamh.

An Teoiric

Scartar an Coke ag baint úsaid as na fiuchphointí eagsúla atá aige féin agus a chuid comhábhar. Bíonn comparáid soiléir faighte, rud a chuireann béim ar scaradh na gcomhábhar. Chomh maith leis sin nuair a thógtar an dara cuid as tá boladh láidir milis le fáil san uisce i gcompáraid leis an uisce sa chéad chuid. Is bealach maith é seo chun taispéaint do na daltaí go bhfuil difríoct idir an chéad dá chuid gan dath. Tá an chuid eile den fhuíoll a fhágann an Coke ina dhiaidh le feicéail san eascra tóinnchruinn, agus is féidir solaid thuagslagtha a thabhairt orthu seo a fhágtar i ndiaidh an driogtha. Is féidir é seo a úsáid le leiriú gur féidir driogadh a úsáid chun solaid thuaslagtha a bhaint as leacht mar aon le dhá leacht dhifrúil.

Conas an físeán seo a úsáid

Tá an taispeántas seo éifeachtach toisc go dtugann sé léiriú físeach de dhriogadh i gcompáraid leis na gnáth léiriúcháin a dhéantar sa seomra ranga. Mar sin féin, bheadh an físean seo thar a bheith éifeachtach agus tú ag léiriú driogadh ar dtús mar chuid den chaibidil ar scaradh meascán, seachas é a tháispéaint ag tús na topaice. Ba chóir go mbeadh suim ag na daltaí san abhár de bharr go bhfuil deoch milis á úsáid sa táispéantas agus spreagfaidh sé na daltaí le dul chun cainte faoi dheochanna milse agus faoi phróiseas an driogtha.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén chaoi ar féidir meascáin a scaradh ag úsáid driogadh?Is féidir meascáin a scaradh ina gcomhabhair éagsúla, ag braith ar na fiuchphointí éagsúla atá acu. Is féidir driogadh a úsáid chomh maith chun solaid thuaslagtha a scaradh ó leacht.

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir an gníomh seo a nascadh le samplaí ón ngnáthshaol ag úsáid driogadh m.sh. ag déanamh branda as fíon dearg. Is féidir nasc a dhéanamh le driogadh factórach amhola.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Driogadh
  • Comhdhlúthaigh
  • Galaigh