Tá daltaí ar an eolas go bhfuil aer mórthimpeall orainn ar fad agus go gcuireann sé brú ar rudaí. Mar sin féin, tá se deacair é seo a shamhlú. Tá an dá thaispéantas éasca seo in ann léiriú a dhéanamh ar an bhfórsa atá ag aer.
Modheolaíocht
Ábhair
- Búidéal Plaisteach
- Scriúnna
- Búidéal mór uisce
- Uisce
- Dáthúchán uisce
- Liathróid Ping Pong
Modh
“An liathróid frith dhomhantarraingthe”
Líon an buidéal ar fad le huisce. Cuir an liathróid ping pong ar a bharr . Iompaigh an buidéal bun os cionn go deas mall. Ansin féach air agus mínigh an toradh.
“Buidéal draíochta”
Déan poill bheaga sa bhuidéal plaisteach ag úsáid beara. Cuir scriúnna isteach sna poill gan an iomarca brú a úsáid ionas nach scoilteann an buidéal. Líon an buidéal le huisce ( cuir dathúchán bia leis chun an chodarsnacht a threisiú). Fáisc an clúdach go maith ar an mbuidéal. Bain dhó na scriúnna ceann ar ceann agus féach ar an toradh. Bain dhó an clúdach agus féach ar an uisce ag sruthú amach
Moltaí
Tá sé tábhachtach gan scoilt a chur sa bhuideál nuair chuirtear isteach na scriúnna mar ní bheidh an toradh ceart agat. Ba cheart go mbeadh an buidéal láidir agus cruth simplí air. Don liathróid frith-dhomhantarraingthe ba cheart go mbeadh an buidéal déanta as gloine agus má bhíonn sé mór beidh an an taispeántas níos fearr.
An Teoiric
Cuireann an t-aer brú ar an liathróid ping pong agus ar na poill atá sa bhuidéal plaisteach atá líonta le huisce. Tá an fórsa sách láidir chun an t-uisce a choinneáil sa bhuidéal. Oibríonn sé seo mar tá folús beag déanta sa dá bhuidéal agus iad líonta le huisce. Stopann sé seo an t-aer ag cur brú ón mbuidéal amach, agus dá bharr seo tá níos mó brú ón t-aer atá taobh amuigh den buidéal. Nuair a thógtar an clúdach ón mbuidéal plaisteach leis na poill, is féidir leis an aer níos mó brú a chur ar bharr an uisce, ag brú an t-uisce amach. Ligeann an t-achar dromchla mór atá ag an liathróid ping pong cead don aer dóthain brú aníos a dhéanamh ar an liathróid, ag coinneáil go leor uisce sa bhuidéal gloine.
Conas an físeán seo a úsáid
Is féidir úsáid a bhaint as an bhfíseán / réamhcheacht seo ag tús na topaice maidir le haer agus le hocsaigin. Is féidir an físeán seo a thaispeáint agus a stopadh más gá, nó d’fhéadfadh an múinteoir an turgnamh a dhéanamh sa rang nó na daltaí a threorú le linn an turgnaimh.
Ceisteanna & Freagraí
- Céard is brú aeir ann?Is éard is brú aeir ann ná an fórsa a chuirtear ort ón meáchan atá ag cáithníní aer. Cé nach bhfeictear móilíní aer tá meáchan fós acu agus tógann siad suas spás.
- Cé mhéid brú a bhfuil muid faoi?Tá atmaisféar an domhain ag brú in aghaidh gach cuid díot le fórsa 1 cileagram san ceintiméadar cearnach. Is é an fórsa ar 1,000 ceintiméadar cearnach ná thart ar ton.
- Cén fáth nach mbrúnn an brú sin ar fad muid?Tá aer againn freisin laistigh dár gcoirp. Dá bharr sin déantar cothromaíocht ar an mbrú taobh amuigh dúinn ionas nach mbrúnn an fórsa aer muid.
Naisc Thraschuraclaim
Is féidir naisc a dhéanamh le rannóg na fisice nuair atá brú atmaisféarach agus folúis á bplé. I rannóg na ceimice is féidir naisc a dhéanamh le staideanna ábhair agus leis an atmaisféar.
Litearthacht (Eochairfhocail)
- Aer
- Brú
- Fórsa