Staideanna Ábhair

Cuireadh an turgnamh seo le chéile chun an timoibriú ceimiceach idir solad agus leacht a chuireann gás ar fáil a léiriú. Is taispeántas físeach é seo, ag léiriú go dtógann gáis suas spás agus go mbogann agus go scaipeann sé. Is feidir an turgnamh seo a úsáid chun an leagan amach atá ar na hadaimh atá sa trí staideanna ábhair a mhíniú: solad, leacht agus gás.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Décharbónáit sóidiam
  • Fínéagar
  • Eascra
  • Lámhainní laitéise

Modh

Cuir 2cm3 de fhínéagar san eascra. Cuir trí thaespúnóg lán de dhécharbónáit sóidiam ar an lámhainn laitéise. Sín amach an lámhainn go maith ar bharr an an eascra, ag déanamh cinnte nach dtiteann aon chuid den décharbónáit sóidiam isteach sa bhfínéagar ag an bpointe seo. Nuair atá an lámhainn socruithe ar an wascra go teann, cuir an décharbónáit sóidiam uile isteach san eascra.

Moltaí

Le cinntiú go bhfuil an lámhainn líonta suas le gás agus nach féidir níos mó eile a chur ann, teastaíonn lámhainn atá cúng ionas nach n-éalóidh aon ghás.

An Teoiric

Is bun é décharbónáit sóidiam agus sóid aráin. Is é an t-ainm eolaíochta atá aige ná carbónáit. Is aigéad é fínéagar – tugtar aigéad eatánóch ar an aigéad atá le fáil i bhfínéagar. Nuair a mheasctar aigéad agus carbónáit lena chéile tarlaíonn imoibriú ceimiceach chun salann, uisce agus dé-ocsaíd charbóin a thairgeadh. Is é an dé-ocsaíd charbóin a dhéantar ná gás atá níos troime ná aer. Brúnn an gás na móilíní aer suas agus dá bhrí sin leathnaítear an lámhainn.

CH3COOH + NaHCO3 –> CH3COONa + H2O + CO2

Fínéagar + Décharbónáit sóidiam  –> aicéatáit shóidiam (salann) + Uisce + dé-ocsaíd charbóin

Conas an físeán seo a úsáid

Tá an físeán seo an-éifeachtach mar tá sé simplí. Is féidir leis na daltaí an turgnamh seo a dhéanamh iad féin, agus is iad na hábhair atá i gceist ná earraí tí. Tagann brú ón ngás atá taobh istigh sa lámhainn, a léiríonn torthaí an turgnaimh do na daltaí. Is féidir leis an turgnamh naisc a dhéanamh le páirteanna éagsúla den chaibidil – ag déanamh gáis ó sholad, leacht ag aistriú go gás, agus gás ag bogadh agus ag scaipeadh.

Ceisteanna & Freagraí

  • Cén fáth an líonann an lámhainn uile le gás?Idirleathann gáis ó réimse árd tiúchan ( comhchruinniú) go réimse tiúchan íseal (nó ó áit a bhfuil comhchruinniú ard go áit a bhfuil comhchruinniú íseal.)
  • Cén fáth a ndéantar dé-ocsaíd charbóin?Deántar é mar go mbíonn carbónáit agus aigéad ag imoibriú le chéile.
  • Cén fáth an bhfuil gá don lamhainn a bheith feistithe go teann?D’imeoidh an gás as an dá mbeadh aon spás ann ar chor ar bith.

Naisc Thraschuraclaim

Déanann an físeán seo naisc le haigéid agus bunanna maidir leis an toradh a bhíonn ag aigéad agus carbónáit nuair a chuirtear le chéile iad ( aigéad + carbónáit = Salann + Uisce + dé-ocsaíd charbóin). Is féidir na hairíonna atá i ndé-ocsaíd charbóin, an tábla peiriadach agus nascadh a phlé freisin. Maidir le hEacnamaíocht Bhaile, d’fhéadfadh an múinteoir ceisteanna a chur ar na daltaí an mbeadh siad ábalta insint cén fáth an mbíonn décharbónáit sóidiam curtha le haráin agus le cácaí.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Adamh
  • Idirleathadh
  • Dé-ocsaíd charbóin
  • Solad
  • Leacht
  • Gás