An Scála pH

B’fhéidir go mbeadh gnáthshamplaí maidir le aigéid agus bunanna ar eolas ag na daltaí, ó fhínéagar go tuar. Ach é sin ráite, b’fhéidir nach mbeadh a fhios acu go bhfuil nirt (láidreachtaí) difriúla acu. Léirítear na láidreachtaí atá acu ar an scála pH. Léiríonn an taispeántas é seo go han-soiléir ar bhealach físeach.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Táscaire uilíoch (leacht)
  • Oighear tirim
  • Hiodrocsaíd sóidiam
  • 1L sorcóir grádaithe
  • Braonaire plaisteach
  • Uisce

Modh

Líon an sorcóir le 600mm de uisce. Cuir cúpla braon den táiscaire uilíoch leis. Cuir cúpla braon de hiodrocsaíd sóidiam leis. Measc é le cinntiú go bhfuil meascán aonchineálach déanta de. Cuir oighear tirim leis an meascán.

Moltaí

Snámhann an t-oighear tirim a dhéantar leis an ngnáth-threalamh sorcóireach agus ní bheidh sé leath chomh héifeachtach ag sáithiú na dtuaslagán. Mar sin moltar an t-oighear tirim a cheannach. Is féidir oighear tirim a fháil in ollscoileanna, institiúidí ardoideachais, ospidéil, agus tionscail. Is féidir é a stóráil agus a iompar i mbosca polaistiréine.

An Teoiric

Is féidir pH de shubstaint a thomhais ag úsáid ceimiceáin ar a dtugtar táscaire uilíoch. Téann an scála pH ó 1 – 14. Tá 1 – 7 aigéadach. pH neodrach é 7 agus pH bunata atá idir 7 – 14. Tá dath glas ar tháscaire uilíoch nuair atá sé san uisce, a léiríonn gur tuaslagán neodrach é. Nuair a chuirtear bun ar nós hiodrocsaíd sóidiam leis an táscaire, athraíonn sé go dath corcra. Léiríonn sé seo go n-athraíonn an tuaslagán go bun thart ar pH12. Nuair a chuirtear oighear tirim leis an dtuaslagán, tarlaíonn níos mó ná dath amháin. Léiríonn an t-athrú maidir leis na dathanna seo an raon pH atá ann tar éis oighear tirim a chur leis. Nuair a chuirtear dé-ocsaíd charbóin le tuaslagán uiscí, tarlaíonn aigéad carbónach. Is é seo an fáth a n-athraíonn tuaslágan bunata go tuaslágan aigéadach. Léiríonn an dath dearg é seo ag deireadh an turgnaimh.

H2O + CO2  = H2CO3

Uisce + Dé-ocsaíd charbóin =  Aigéad carbónach

Conas an físeán seo a úsáid

Cuireann an fiseán seo na daltaí ar an eolas faoin scála pH ag úsáId aigéid, bunanna agus oighear tirim, agus is dul siar a bhéas ann do na daltaí ar thopaic atá déanta acu cheana féin. Nuair atá na tréithe a bhaineann le dé-ocsaíd charbóin á phlé, tá na daltaí ag foghlaim go dtuaslagann dé-ocsaíd charbóin in uisce chun tuaslagán aigéadach a dhéanamh. Bhí sé le feiceáil go raibh sé deacair ag daltaí é seo a thuiscint san am atá caite. Ba cheart go dtabharfadh an taispeántas seo cúnamh do na daltaí cuimhniú go ndéanann dé-ocsaíd charbóin tuaslagán aigéadach in uisce tré úsáid a bhaint as an bhfíseán chun na dathanna éagsúla atá ar an scála pH a léiriú. Tá an taispeántas iontach soiléir agus thar a bheith físeach. De bharr go bhfuil oighear tirim á úsáid bainfidh na daltaí taitneamh as an dturgnamh, agus cuimhnóidh siad ar an dturgnamh. Is féidir leis an múinteoir an físeán seo a thaispeáint nuair atá staidéir á dhéanamh ar an dtopaic a bhaineann le haigéid agus le bunanna, agus nuair atá an scála pH á phlé. D’fhéadfadh go dtógfadh an taispeántas 15 nóim.

Ceisteanna & Freagraí

  • Cén fáth a n-ardaíonn an pH nuair atá hiodrocsaíd sóidiam curtha leis?Ardaíonn an pH nuair a chuirtear hiodrocsaíd sóidiam leis mar is bun é agus is é seo an chúis a n-athraíonn an tuaslagán go tuaslagán bunata. Is é an pH atá ag tuaslagán bunata ná 7-14.
  • Cén fáth a n-íslíonn an pH nuair a chuirtear oighear tirim leis ?Íslíonn an pH nuair a chuirtear oighear tirim leis mar déanann sé tuaslagán aigéadach (aigéad carbónach) nuair a chuirtear le huisce é. Is é an pH atá ag tuaslagán aigéadach ná ó 1-7.
  • Má tá táscaire uilíoch glas in uisce céard a léiríonn sé seo dúinn faoin uisce?Léirítear dúinn go bhfuil pH de 7 ag an uisce – sé sin go bhfuil sé neodrach.
  • Céard é an scála pH?Léiríonn an scála pH dúinn cé chomh aigéadach nó bunata atá substaint.
  • An bhfuil aon bhealach eile ann chun tástáil a dhéanamh ar pH?Is féidir pH de shubstaint a thomhais ag úsáid méadar pH

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir naisc a dhéanamh le haigéid agus le bunanna sa cheimic ar an gcúrsa Ardteistiméireachta. Is féidir leis an taispeántas seo nasc a dhéanamh freisin le Tíreolaíocht nuair a phléitear báisteach aigéadach agus an tionchar atá aige ar an dtimpeallacht. Déanann aigéad damáiste do na fiacla (creimeadh cruain) agus is féidir é seo a nascadh leis an rannóg bia san ábhar Eacnamaíocht Bhaile don Teastas Sóisearach.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Aigéad
  • Bun
  • pH
  • An scála pH
  • Hiodrocsaíd sóidiam
  • Dé-ocsaíd charbóin