Dé–ocsaíd Charbóin

Tá a fhios ag an dalta gur gás é dé-ocsaíd charbóin, ach níl mórán ar eolas acu faoi na tréithe a bhaineann leis. Léiríonn an taispeántas seo na príomhthréithe atá ag dé-ocsaíd charbóin agus déanann sé naisc le gnáth shamplaí an lae – sé sin CO2 (múchtóirí dóiteáin).

Modheolaíocht

Ábhair

  • Crúsca suibhe / eascra
  • Décharbónáit sóidiam
  • Fínéagar
  • Crúsca mór ard
  • Babhla
  • Coinnle beaga

Modh

Cuir décharbónáit sóidiam isteach i gcrúsca mór ard. Go mall, cuir an fínéagar leis, ag ligint dhó cúr a dhéanamh. Ansin doirt an gás isteach sa bhabhla ina bhfuil na coinnle beaga lasta.

Moltaí

Oibríonn crúsca mór ard níos fearr don turgnamh seo mar doirteann an gás níos fearr.

An Teoiric

Nuair a mheasctar décharbónáit sóidiam nó sóid aráin le fínéagar is é an toradh seo a leanas a bhíonn leis: aicéatáit shóidiam, uisce agus dé-ocsaíd charbóin. Déanann aicéatáit shóidiam agus uisce cúr istigh sa chrúsca, agus is é an gás a dhéantar ann ná dé-ocsaíd charbóin. Ansin doirtear amach an gás agus múchtar na coinnle. Is é seo a leanas an chothromóid cheimiceach:

CH3COOH + NaHCO3 –> CH3COONa + H2O + CO2

Fínéagar + décharbónáit sóidiam = aicéatáit shóidiam + uisce + dé-ocsaíd charbóin

Is é an chéad tréith den dé-ocsaíd charbóin a léirítear sa taispeántas seo ná go bhfuil dé-ocsaíd charbóin níos troime ná aer. Seo an fáth a bhfanann an dé-ocsaíd charbóin sa chrúsca. Nuair a múchtar na coinnle, taispeántar dúinn nach gcuidíonn dé-ocsaíd charbóin le dóchán – murab ionann agus ocsaigin.

Conas an físeán seo a úsáid

Teastaíonn táirgí tí don taispeántas seo, mar sin an d’fhéadfadh an múinteoir an taispeántas seo a dhéanamh ag tús na caibidle don topaic seo ( dé-ocsaíd charbóin) nó is féidir leis an dalta é a dhéanamh le linn na caibidle seo. Ba cheart go mbeadh tuiscint níos fearr ag na daltaí ar dhé-ocsaíd charbóin agus ar gháis eile, mar déanfaidh siad nasc idir an t-eolas atá acu cheana féin agus gnáth feidhmiú atá fíor. Tabharfaidh an léiriúchán físeach seo tuiscint níos fearr dóibh freisin ar dhé-ocsaíd charbóin agus ar gháis eile.

Ceisteanna & Freagraí

  • Má mhúchann an gás na coinnle, céard a léiríonn sé seo dúinn faoi na hairíonna atá ag dé-ocsaíd charbóin?Nach gcuidíonn dé-ocsaíd le carbóin dóchán.
  • Déan comparáid idir na hairíonna atá ocsaigin agus dé-ocsaíd charbóin?Cuidíonn ocsaigin le dóchán ach ní chuidíonn dé-ocsaíd charbóin leis.
  • Cén fáth a bhfanann an gás sa chrúsca?Tá dé-ocsaíd charbóin níos troime na aer agus dá bhrí sin fanann sé sa chrúsca

Naisc Thraschuraclaim

Is féidir nasc a dhéanamh le dé-ocsaíd charbóin agus an an t-atmaisféar agus an téamh domhanda. Is féidir an taispeántas seo a úsáid chun naisc a dhéanamh leis na caibidil a bhaineann le solaid, leachtanna, agus gáis, mar is gás é dé-ocsaíd charbóin.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Dlúth
  • Dóchán
  • Dé-ocsaíd charbóin
  • Gás

0.93 Mbps