Caomhnú Fuinnimh

Fiosraíonn an turgnamh seo an coincheap da bhaineann le caomhnú fuinnimh. Seo an prionsabal nach féidir fuinneamh a chruthú nó a scrios; ní féidir ach é a athrú ó fhoirm amháin go foirm eile. Sa turgnamh, ceanglaítear meáchan ar phíosa sreinge agus socraítear ar nós luascadáin é.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Sreang (láidir)
  • Meáchan

Modh

Sa taispeántas seo d’úsáid muid meáchan 2.2 kg agus sreang neamh-insínte. Ciallaíonn sé seo nach féidir leis an tsreang síneadh. Caithfear an turgnamh a dhéanamh in áit lena ndóthain spáis chun ligean don luascadán luascadh go héasca. Is féidir meáchan nó rud ar bith a úsáid ach é a bheith mór go leor chun luascadh a spreagadh nuair atá sé ceangailte le sreang. Ba cheart d’uillinn an luascadáin a bheith níos lú ná 5 chéim ionas go luascfaidh an luascadán go slim agus ag ráta mall. Ba cheart an meáchan a choinneáil ina áit agus ligean dó titim/é a scaoileadh ón áit sin.

Ná brú é. Má bhrúnn tú an meáchan, tá tú ag tabhairt fuinnimh chinéiteach breise don mheáchan, chomh maith lena fhuinneamh poitéinsiúil féin. Cuirfidh sé seo an turgnamh ar neamhní agus is féidir leis a bheith dainséarach. Ní thiocfaidh an meáchan aníos chomh hard leis an airde ag a scaoiltear saor é, mar gheall ar chailliúint fuinnimh i bhfoirm fuaime agus frithchuimilte.

Moltaí

Bain triail as an luascadán cúpla uair chun luascadh díreach a fháil agus déan anailís ar an tsreang d’aon chomharthaí strusa.

An Teoiric

Nuair a ardaítear an meáchan san aer, bíonn fuinneamh poitéinsiúil aige. Ciallaíonn sé seo go n-úsáidfidh sé fuinneamh nuair a thiteann an meáchan. Tá an fuinneamh poitéinsiúil seo ann mar go bhfuil an meáchan faoin bhfórsa domhantarraingte. Nuair a bhogann an meáchan, athraítear a chuid fuinnimh go fuinneamh cinéiteach. Is fuinneamh atá ag gluaiseacht é fuinneamh cinéiteach. De réir mar a luascann an luascadán, tá an fuinneamh de shíor ag athrú ó fhuinneamh poitéinsiúil go fuinneamh cinéiteach agus ar ais arís (Fíor 4). Sna coinníollacha idéalacha, leanfaidh an luascadán ar aghaidh ag luascadh go héiginnte. Cailleann an luascadán fuinneamh, áfach, mar gheall ar an bhfrithchuimhilt idir an meáchan agus an t-aer.

Conas an físeán seo a úsáid

Oibríonn an físeán ar an mbunús go bhfuil cuma dhainséarach air, ach tá sé an-sábháilte i ndáiríre. Tá sé seo an-tábhachtach, go háirithe nuair a sheasann dalta os comhair an luascadáin. Mar gheall ar ghné an dainséir, beidh daltaí á gceistiú féin faoi shábháilteacht an dalta atá os comhair an luascadáin. Tarraingíonn sé seo isteach sa ghníomh iad.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Mínigh an prionsabal a bhaineann le caomhnú fuinnimh.Ní féidir fuinneamh a chruthú nó a scriosadh ach is féidir é a athrú ó fhoirm amháin go foirm eile.
  • Cad é fuinneamh cinéiteach?Fuinneamh mar thoradh ar ghluaiseacht
  • Cad é fuinneamh poitéinsiúil?Fuinneamh mar thoradh ar shuíomh
  • Cad iad na tiontuithe fuinnimh a thaispeántar san fhíseán seo?Tiontaíonn an luascadán fuinneamh poitéinsiúil go cinéiteach agus ar ais go poitéinsiúil, de réir mar a luascann sé ó phointe amháin go pointe eile. Cailltear fuinneamh mar gheall ar fhrithchuimilt aeir agus de bharr fuaime. De réir mar a luascann an luascadán, buaileann sé agus brúnn sé a bhealach tríd an aer. Teastaíonn fuinneamh chun é seo a dhéanamh agus laghdaíonn sé seo fuinneamh cinéiteach an luascadáin. Mar gheall air seo, moillíonn an luascadán.
  • Céard a chruthaigh an fuinneamh ar fad sa chruinne?An ollphléasc. Tharla an ollphléasc 13.75 billiún bliain ó shin. Chruthaigh sé an mhais agus an fuinneamh go léir ar fud na cruinne.

Naisc Thraschuraclaim

Eacnamaíocht Bhaile

Fuinneamh i mbianna. Cuirtear fuinneamh i mbianna in iúl go minic mar chalraí agus úsáidtear i dtreoirleabhair bheathaithe iad. Is ionann calra bia amháin agus 4.18 ciligiúl fuinnimh.

Litearthacht (eochairfhocail)

  • Fuinneamh
  • Caomhnú
  • Fuinneamh Cinéiteach
  • Fuinneamh Poitéinsiúil
  • Luascadán