Maighnéadas

Fórsa is ea an maighnéadas. A láidre is atá an maighnéad, is ea is láidre atá an fórsa maighnéadach. Sa taispeántas seo, úsáidimid maighnéid neoidimiam (Nd2Fe14B). Tá siad seo ar fáil ó Amazon agus Maplins.

Modheolaíocht

Ábhair

  • 4 maighnéad neoidimiam
  • 13 grán iompair
  • Plaisteach le húsáid mar bhonn

Modh

Taispeánann tús an fhíseáin an t-aomadh idir an dá mhaighnéad. De réir mar a bhogann an maighnéad is mó níos gaire, braitheann an maighnéad eile fórsa mar gheall ar an réimse maighnéadach. D’úsáid muid fad sreinge chun an maighnéad a ísliú go dtí go raibh sé gar go leor chun an maighnéad eile a aomadh. Sa dara chuid den taispeántas, déanaimid gunna maighnéid. Caithfear a bheith cúramach. Úsáidimid píosa plaisteach roctha mar bhonn an ghunna leis na ceithre mhaighnéid téipeáilte agus greamaithe isteach ann. Is féidir na treoracha seo thíos a leanúint chun an rud céanna a bhaint amach.

1. Cuir na maighnéid neoidimiam ar an bplaisteach agus cuir ceithre nó cúig ghrán iompair i líne agus i dteagmháil le taobh amháin de na maighnéid.

2. Cuir grán iompair amháin eile ar an taobh eile de na maighnéid, fada go leor uathu ionas nach dtarraingeofar i dtreo na maighnéad é (i bhFíor 13 tá sé 5cm ó na maighnéid).

3. Nuair atá tú réidh chun é a scaoileadh, bog an grán iompair aonair ionas go rollann sé go mall i dtreo na maighnéad. Is féidir cúpla ceann acu seo a shocrú i slabhra; scaoilfidh gach ceann an chéad cheann eile le luas atá ag méadú.

Nuair a scaoileann tú an chéad liathróid, tá sé aomtha don chéad mhaighnéad. Buaileann sé an maighnéad le fórsa sách láidir, agus le treoluas. Caomhnaítear móiminteam na liathróide atá ag bualadh an chéad mhaighnéid agus déantar é a “thraschur” don maighnéad atá ag eitilt. Tá taithí ag imreoirí snúcair ar an traschur móimintim seo – nuair a bhuaileann an liathróid chiú liathróid eile, stopann an liathróid chiú agus imíonn an liathróid eile ar luas lasrach. Mar go gcaomhnaítear móiminteam, gluaiseann an dara liathróid leis an treoluas céanna is a bhí ag an gcéad liathróid a bhuail an maighnéad. Mar gheall ar fhórsa aomtha an dara mhaighnéid, éireoidh sé níos tapúla. Nuair a bhuaileann sé an dara mhaighnéad, tá sé ag gluaiseacht beagnach dhá oiread níos tapúla ná an chéad liathróid. Leanann an patrún seo síos tríd an maighnéad, le treoluas an ghráin iompair ag méadú ag gach staid.

Moltaí

Tá sé éasca an déantús a dhearadh ach deacair é a thógáil. Beidh ort triail a bhaint as cúpla uair chun é a chur ag obair i gceart.

An Teoiric

Tá an físeán seo bunaithe ar an teoiric go bhfuil fórsa aomtha ag maighnéid leis an ábhar ceart. Nuair a scaoileann tú an chéad liathróid, aomann sé leis an gcéad mhaighnéad. Buaileann sé an maighnéad le fórsa sách láidir, agus le treoluas. Caomhnaítear móiminteam na liathróide atá ag bualadh an chéad mhaighnéid agus déantar é seo a “thraschur” don mhaighnéad atá ag eitilt. Tá taithí ag imreoirí snúcair an traschur móimintim seo – nuair a bhuaileann an liathróid chiú liathróid eile, stopann an liathróid chiú agus imíonn an liathróid eile ar luas lasrach. Mar go gcaomhnaítear móiminteam, gluaiseann an dara liathróid leis an treoluas céanna is a bhí ag an chéad liathróid a bhuail an maighnéad. Mar gheall ar fhórsa aomtha an dara mhaighnéid, éireoidh sé níos tapúla. Nuair a bhuaileann sé an dara mhaighnéad, tá sé ag gluaiseacht beagnach dhá oiread níos tapúla ná an chéad liathróid. Leanann an patrún seo síos tríd an maighnéad, le treoluas an ghráin iompair ag méadú ag gach staid.

Conas an físeán seo a úsáíd

Bíonn an-spéis ag daoine i maighnéid agus d’fhéadfadh foghlaimeoirí cinéistéiseacha spraoi le maighnéid ar feadh uaireanta an chloig. Tá an topaic féin ar ceann de na topaicí is suimiúla san fhisic. Chomh maith leis sin, úsáidtear maighnéid i mbeagnach gach fearas nua-aimseartha. De bharr sin, tá an físeán spéisiúil as féin. Beidh daltaí gafa leis an gcaoi go bhfuil maighnéid á úsáid chun diúracán a chruthú. Is feidhm é seo do mhaighnéid nach mbeidh feicthe ag daltaí cheana agus táthar ag súil go mbeidh siad ag iarraidh oibriú amach go díreach céard atá ag tarlú san fhíseán.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Liostáil dhá fheidhm do mhaighnéid.I ndoras an chuisneora agus i gcallairí
  • Cad a thugtar ar an spás timpeall ar mhaighnéad?Réimse maighnéadach
  • Ainmnigh na dúile gur maighnéid iad.Iarann, cóbalt, nicil
  • Cad iad an dá chineál fhórsa idir mhaighnéad?Aomadh agus éaradh
  • Conas a bhriseann tú maighnéad?Tine agus imbhualadh
  • Cén fáth nár cheart maighnéad láidir a choinneáil i do sparán?Is féidir damáiste a dhéanamh don stiall mhaighnéadach i gcártaí bainc.
  • Conas a ndéantar luasghéarú ar cháithníní san imbhuailteoir Hadrón?Réimsí maighnéadacha a ghintear ó mhaighnéid leictreonacha

Naisc Thraschuraclaim

Tá naisc aige leis an saol; tiomantán crua ríomhairí, callairí ina bhfuil maighnéid neoimidiam.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Réimse maighnéadach
  • Fórsa
  • Méid
  • Luasghéarú
  • Fuinneamh cinéiteach
  • Treoluas
  • Caomhnú móimintim

Uimhearthacht

Ríomh agus láimhsiú na foirmle: Luas = Fad/Am