Frithchuimilt

Sa turgnamh seo, déanaimid iniúchadh ar fhrithchuimilt mar fhórsa agus mar bhealú. Taispeánaimid an fórsa frithchuimilte trí rís a úsáid, agus an fhrithchuimilt idir dromchla na scine agus an rís.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Bealaitheoir (WD40 nó ola chócaireachta)
  • Sorcóir Grádaithe
  • Rís
  • Scian (20cm ar fhad nó níos faide).

Modh

Doirt an rís isteach sa sorcóir go dtí go bhfuil sé thart ar 3cm ón mbarr. Ag úsáid rialóir nó spadal, déan iarracht an rís a dhlúthú chomh mór agus is féidir. A dhlúithe is atá an rís, is é is fearr a ghreamóidh an scian. Cuir an scian isteach sa rís. Seans go mbeidh gá an scian a bhrú isteach sa rís; mar sin féin, caithfear a bheith an-chúramach ag láimhseáil na lainne mar seo. Mura ngreamaíonn an scian, déan iarracht an rís a dhlúthú níos mó fós. A luaithe is a n-oibríonn an turgnamh den chéad uair, éiríonn sé níos éasca é a dhéanamh. Doirt nó spraeáil an bealaitheoir ar lann na scine agus athdhéan an turgnamh. I rith na choda seo, tá sé níos fearr mura bhfuil an rís ró-dhlúth. Ba cheart don scian sleamhnú amach as an rís. Arís, is gá é seo a chleachtadh.

Moltaí

Uaireanta, greamóidh an rís ar an ola. Caithfidh tú an scian a bhrú isteach sa ris. Rachaidh sé isteach.

An Teoiric

Sa turgnamh seo, déanaimid iniúchadh ar fhrithchuimilt mar fhórsa. Léiríonn réamhrá an turgnaimh an chaoi gur féidir le rís feidhmiú mar leacht sa bhealach a ndoirteann sé; is féidir leis feidhmiú mar sholaid freisin áfach. Nuair a chuireann tú an scian sa rís, greamaíonn sé sa rís. Tarlaíonn seo mar cruthaíonn gach gráinne ríse atá i dteagmháil leis an scian, leibhéal beag frithchuimilte. Éiríonn an fhrithchuimilt níos mó agus ní féidir an scian a bhaint gan fórsa (Fíor 10). Baineann an dara chuid den turgnamh le bealú (WD40) na lainne. Laghdaíonn bealaitheoirí an fhrithchuimilt idir an scian agus an rís. An uair seo, nuair a chuirtear an scian isteach sa rís, ní tharlaíonn aon fhrithchuimilt agus is féidir an lann a bhaint gan stró.

Conas an físeán seo a úsáid

Úsáideann an físeán seo gnáthrudaí laethúla cosúil leis an scian, ola agus rís, agus ábhair eolaíochta cosúil leis an sorcóir grádaithe. Go bunúsach, níl aon rud speisialta faoi na hábhair seo agus má chuireann tú ceist ar dhalta turgnamh a dhéanamh leo, seans go mbeidh siad ag streachailt. Is féidir leis na hábhair “leadránacha” seo seachmall den scoth a léiriú mar gheall ar fhrithchuimilt. De réir mar a chuireann tú an scian sa rís, greamaíonn sé. Ní hé seo i gcónaí an toradh lena mbeimís ag súil, agus mar sin tarraingíonn sé aird na ndaltaí. Nuair a chuirtear WD40 leis an lann, taispeántar éifeacht bhealú ar fhrithchuimilt.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén fáth a n-úsáidtear rís sa turgnamh seo?Úsáidtear rís mar go bhfuil sé an-bheag agus cruthaíonn sé go leor frithchuimilte idir é féin agus réada eile. Freisin, tá sé saor go leor.
  • Cén fáth a gcaithfidh tú scian a úsáid agus ní rialóir nó slat ghloine?Caithfidh tú scian a úsáid mar gurb é an t-aon rud gur féidir leis gearradh isteach sa rís sa sorcóir.
  • An féidir leat smaoineamh ar aon úsáid don chineál frithchuimilte seo sa saol?Úsáidtear an cineál frithchuimilte seo i ndúshraith fhoirgnimh áirithe, m.sh. Óstán 7 réalta an Burj al Arab 7 in Dubai (féach naisc leis an saol).
  • Ainmnigh dhá bhealaitheoir?WD40 agus ola
  • Cén fáth a laghdaíonn an bealaitheoir an fhrithchuimilt?Cuireann an bealaitheoir bac idir an scian agus an rís. Cuireann an tsraith seo cosc ar ghineadh frithchuimilte agus is féidir leis an scian sleamhnú isteach agus amach as an rís go héasca.

Naisc Thraschuraclaim

Cruthaíodh WD40 i rith an Dara Chogadh Domhanda mar bhealaitheoir agus uisceghlantóir d’innill throma. Chabhraigh sé chun innill a chothabháil agus cosc a chur le meirg agus creimeadh.

Úsáidtear an prionsabal frithchuimilte seo i ndúshraith de roinnt foirgnimh arda a tógadh ar ghaineamh. Is é an ceann is cáiliúla dóibh sé ná Óstán 7 réalta an Burj al Arab in Dubai. Tá a gcuid dúshraitheanna piléir druileáilte isteach sa ghaineamh thíos faoi. Tá an frithchuimilt idir na piléir agus an gaineamh chomh láidir sin go bhfuil an foirgneamh cobhsaí. (Fíor 9, Fíor 10).

Fíor 9: Pictiúr den Burj al Arab (allaboutskyscrapers.com).

Fíor 10: Léaráid de dhúshraitheanna agus piléir an Burj al Arab atá druileáilte isteach sa ghaineamh (geocaching.com).

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Frithchuimilt
  • Bealaitheoir
  • Sorcóir Grádaithe