Tiontaithe Fuinnimh

Athraíonn an turgnamh seo fuinneamh ceimiceach go fuinneamh teasa agus ansin go fuinneamh cinéiteach trí uisce a úsáid mar iompróir agus mar thiontaire. Cuirtear inneall ag gluaiseacht mar thoradh air seo.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Canna
  • Sop (2)
  • Sreangán
  • Séidtóirse/dóire Bunsen
  • Uisce
  • Pípéad

Modh

Cuir dhá pholl i dtaobh an channa ag úsáid tairne nó bioráin. Caithfidh an dá pholl a bheith ar an airde chéanna agus ar thaobhanna difriúla den channa. Cuir na soip sna poill agus cinntigh go bhfuil siad ag breathnú i dtreonna difriúla. Ná daingnigh le gliú iad mar leáfaidh sé nuair a théitear an canna. Ansin caithfear an canna a cheangailt ag úsáid an tsreangáin. Ceangail an sreangán leis an bhfáinne tarraingthe ar bharr an channa, ach ná hoscail an canna nó ní oibreoidh an turgnamh. Déan an sreangán chomh fada agus is féidir mar laghdóigh sé seo friotaíocht an tsreangáin i ngluaisne guairneála. Cuir uisce isteach i gceann de na soip ag úsáid pipéid, go dtí go bhfuil sé aon tríú lán. Croch an canna os cionn na foinse teasa agus fan go dtí go bhfuil an t-uisce sa channa ag fiuchadh go foirtil. Caithfear an t-uisce a théamh ag úsáid Bunsen. Taispeánann roinnt físeáin ar líne an turgnamh á dhéanamh le soilse tae, ach tá sé seo mall agus tá sé níos fearr le níos mó teasa.

An Teoiric

Oibríonn an físeán seo ar an mbunús gur féidir inneall gaile simplí a chruthú, ag úsáid ghnáthrudaí laethúla. An prionsabal bunúsach a bhaineann leis an turgnamh ná go bhfuil fuinneamh ceimiceach istigh i ngás an tséidtóirse agus is féidir é seo a athrú go fuinneamh teirmeach, rud gur féidir a athrú ansin go fuinneamh cinéiteach.

Tugtar Inneall Heron ar an inneall a úsáidtear chun é seo a thaispeáint. Seo an chéad chineál innill gaile agus chruthaigh an t-innealtóir Gréigis, Heron, timpeall ar 30 AD é. Oibríonn an t-inneall tríd an ghluaiseacht gaile a láimhsiú. Nuair a théitear an t-uisce sa channa, tosaíonn na cáithníní ag gluaiseacht agus athraíonn siad go gal nuair a fhiuchtar iad. Bíonn go leor fuinneamh teirmeach agus cinéiteach sa ghal. Scaipeann gal amach, cosúil le gach gás, mar gheall ar idirleathadh. Éiríonn an ghal a ghintear sa channa an-bhrúite agus brúitear amach oscailtí an channa é. Sin an fáth go bhfuil poll A agus poll B sa channa, ar an dá thaobh, agus na soip (Fíor 7). Taispeánann Fíor 7 an chaoi a mbrúitear an ghal amach as na soip. Cruthaíonn sé seo móimint thuathalach (a mhalairt de threo na sop). De bharr an fhórsa seo, tosaíonn an t-inneall ag guairneáil.

Conas an físeán seo a úsáid

Tá neart ábhair le múineadh ag an bhfíseán seo agus tá go leor naisc thraschuraclaim aige agus naisc leis an saol freisin. Is físeán luachmhar é dá bharr. Tá sé mar aidhm ag an bhfíseán dul i bhfeidhm ar lucht féachana leathan, agus spéis a chruthú san eolaíocht. Freisin, tá dearadh an-simplí ag an inneall agus mar sin táthar ag súil go mbeidh daltaí in ann an físeán a thuiscint go hiomlán.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén fáth a gcuirtear na soip in dhá thaobh an channa?Cabhraíonn na soip treoir a thabhairt don ghal ionas go bhfuil an éifeacht guairneála níos láidre.
  • Cén cineál inneall é inneall Hero?Is inneall gaile é.
  • An féidir leat smaoineamh ar aon úsáid don cineál innill seo?Is é an t-inneall gaile a thug cumhacht don réabhlóid thionsclaíoch i dtaca le monarchan agus iompair de. Chabhraigh sé freisin le forbairt inneall peitril agus díosail.
  • Cén fáth a bpléascann an ghal amach as na soip?Brúitear an ghal amach ón gcanna ag luas ard, mar go bhfuil an brú istigh sa channa níos airde ná an brú lasmuigh den channa, de bharr an uisce fhiuchta.
  • An féidir leat na céimeanna tiontaithe fuinnimh sa turgnamh seo a mhíniú?Ar dtús tá gás istigh sa Bhunsen/séidtóirse. Tá fuinneamh ceimiceach sa ghás seo. Nuair a dhóitear na ceimiceáin, scaoileann siad fuinneamh teirmeach. Téann an fuinneamh teirmeach seo an t-uisce agus cruthaíonn sé fuinneamh cinéiteach mar cuireann an teas na cáithníní ag creathadh. Tarlaíonn fiuchadh mar gheall ar an gcreathadh agus táirgtear gal. Tá méid mór d’fhuinneamh teirmeach agus cinéiteach istigh sa ghal.

Naisc Thraschuraclaim

Stair:

Is é an t-innealtóir Gréigis, Heron, a d’fhorbair an canna seo in 30 AD. Is féidir leis seo a bheith mar cheangal leis na haireagáin difriúla a d’aimsigh sibhialtacht na Gréige agus conas a d’úsáid a gcuid innealtóirí matamaitic agus eolaíocht chun a gcuid fadhbanna a réiteach. Tugtar aeólopíl ar an inneall simplí seo freisin.

Is féidir an t-inneall seo a nascadh leis an réabhlóid thionsclaíoch chomh maith. Úsáideadh gal mar chumhacht do na hinnill ar fad agus úsáideadh gual mar bhreosla do na hinnill. Ba é an “Rocket” an chéad inneall féinghluaiste gaile riamh, cruthaithe ag Robert Stephenson sa bhliain 1829.

Naisc leis an saol:

Úsáidtear cumhacht gaile i dtuirbíní cumhachta fiú sa lá atá inniu ann. Úsáideann gach stáisiúin núicléach fuinneamh núicléach chun gal a chruthú, agus tugann sé sin cumhacht d’innill.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Inneall
  • Brú
  • Fuinneamh
  • Tiontú

Uimhearthacht

Is é 100°C fiuchphointe uisce