Fuaim

Is foirm fhuinnimh í fuaim a ghintear mar thoradh ar chreathadh. San fhíseán seo, déanaimid iniúchadh ar an bhfuaim a dhéantar le gabhlóg thiúnta. Má bhuailtear an ghabhlóg thiúnta, déanann na creathanna a chruthaítear san aer fórsa agus fuaim chiúin.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Gabhlóga thiúnta
  • Eascra
  • Péint lonrach
  • Bánbhiotáillí

Modh

Tríd na gabhlóga thiúnta a chur san uisce, is féidir linn na creathanna a ghineann fuaim a fheiceáil. Nuair a chuirtear an ghabhlóg thiúnta isteach in uisce nó péint, caithtear an t-uisce amach mar gheall ar chreathanna (gluaiseacht) chosa na gabhlóige.

Le hUisce:

Buail an ghabhlóg thiúnta ar dhromchla crua. Cuir an ghabhlóg thiúnta isteach go cúramach in eascra uisce. Bíonn an t-uisce ag slaparnach amach ón eascra

Le Péint:

Measc bánbhiotáillí le péint lonrach ag úsáid cóimheas de thart ar 10 go 1. Cuir cúpla leathanach de páipéar bán faoin eascra ina bhfuil an meascán péint. Buail an ghabhlóg thiúnta ar dhromchla crua agus cuir an ghabhlóg thiúnta isteach sa phéint go cúramach. Bíonn péint ag slaparnach gach áit.

Moltaí

Má tá tú chun péint a úsáid, déan cinnte go bhfuil an phéint slaodach/sreabhach go leor agus na creathanna láidir go leor chun an phéint a chaitheamh uathu.

An Teoiric

Déantar fuaimthonnta le réada creathacha. Bíonn réad creathach mar fhoinse fuaime i gcónaí, is cuma más fuaim ghuth dhuine, nó fuaim phianó, nó fuaim thrombón nó fuaim leabhair fhisice ag titim ar an talamh atá i gceist. Tá an ghabhlóg thiúnta úsáideach le léiriú conas gur féidir le réad creathach fuaim a dhéanamh. Tá hanla agus dhá bheann (cosa) ag an ngabhlóg thiúnta. Nuair a bhuaileann sé réad soladach, tosaíonn na beanna (cosa) ag creathadh. Déanann creathadh na mbeann, a théann siar is aniar, corraíolacha i measc na móilíní aeir mórthimpeall air. San fhíseán seo úsáidimid uisce agus ansin péint chun na creathanna seo a léiriú níos fearr. Déanann creathadh na mbeann, a théann siar is aniar, corraíolacha san uisce agus má tá na creathanna láidir go leor, tosaíonn an t-uisce ag slaparnach amach ón eascra. Léiríonn Fíor 12 Plána Creathadh na mbeann agus an fhuaim a chruthaítear ina dhiaidh.

Conas an físeán seo a úsáid

Is maith an smaoineamh é na gabhlóga a thaispeáint do na daltaí roimh an físeán seo go mbeidh siad in ann iad a láimhseáil agus a thriail. Cruthaíonn na gabhlóga fuaim, ach tá an fórsa a chruthaíonn siad níos láidre ná mar a bheifeá ag súil agus is é an fórsa seo a tharraingíonn aird na ndaltaí ar an bhfíseán. Is é an t-uisce ag slaparnach an réamhrá bunúsach agus ansin úsáidtear an phéint chun taispeáint do na daltaí conas gur féidir leis an eolaíocht leathadh ar fud ábhair eile. Roghnaíodh ealaín agus ceol mar na príomhnaisc thraschuraclaim i roinnt físeáin eolaíochta mar bíonn sé deacair ar go leor daoine na hábhair seo a cheangal leis an eolaíocht i mbealaí cruthaitheacha agus suimiúla. Is bealach níos casta í an phéint le léiriú gur fórsa í an fhuaim agus rachaidh sé seo i bhfeidhm ar amharcfhoghlaimeoirí.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén uirlis ceoil eile atá ann lena ndéantar creathadh díreach ar an ndromchla?Drumaí
  • Conas a chruthaítear fuaim?Creathanna
  • Cad é luas fuaime san aer?340 m/s
  • Cén t-ábhar ina dtaistlíonn aer níos tapúla: Aer, Uisce, Péint nó Cruach?Cruach mar gurb é an t-abhar is dlúithe é. In ord ó thapa go mall: Cruach – Péint – Uisce – Aer
  • Cad iad na creathanna fuaime a úsáidtear chun ábhair a bhriseadh suas?Úsáidtear Radaíocht Ultrasonach chun clocha domlais a bhriseadh suas.

Naisc Thraschuraclaim

Ceol:

Caithfidh uirlisí ceoil a bheith i dtiúin agus go minic úsáideann ceoltóirí gairmiúla gabhlóga thiúnta chun cabhrú leo nóta foirfe a chloisteáil.

Ealaín:

D’úsáid an t-ealaíontóir Warren Shaw gabhlóga thiúnta chun ealaín atá cosúil lenár gcúpla radhairc deireanacha a chruthú.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Gabhlóg thiúnta
  • Creathanna
  • Fuaim

Uimhearthacht

Is é luas fuaime san aer ná 340m/s. Nuair a fheiceann tú splanc thintreach, is féidir a ríomh cé chomh fada uait is atá sé tríd an fhad a thógann sé ort an toirneach a chloisteáil a chomhaireamh. Má thógann sé trí soicind, tá an stoirm 3s X 340m/s. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an stoirm 1020m uait nó 1.02km.