Snámh nó síos go tóin poill?

Déanann an físeán seo iniúchadh ar an dlús atá ag roinnt rudaí laethúla i dtaca le huisce. Rachaidh réada atá níos dlúithe ná uisce go tóin poill. Snámhfaidh réada nach bhfuil chomh dlúth le huisce.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Cóc
  • Diet Coke
  • Satsuma
  • Ubh
  • Blu-tac
  • Uisce
  • Umar uisce
  • Salann

Modh

Líon an t-umar lán le huisce. Cinntigh go bhfuil an t-umar mór go leor chun na réada go léir a chur isteach ann agus chun déileáil le toirt an uisce ag méadú. Iarr ar na daltaí tuar a dhéanamh an snámhfaidh an réad nó an rachaidh sé go tóin poill. Cuir an réad san uisce, go cúramach. Snámhfaidh an réad nó rachaidh sé go tóin poill ag brath ar a dhlús. Sula gcuireann tú salann leis an uisce, iarr ar na daltaí tuar a dhéanamh arís ar céard a tharlóidh. Cuir salann leis an uisce, ba cheart go dtosódh an ubh agus an cóc ag snámh a luaithe is a chuireann tú an salann leis.

Moltaí

Leis an sampla Blu-tac, seans go mbeidh ort cúpla ‘dearadh báid’ a thástáil le cinntiú go snámhann sé.

Ná téigh an t-uisce chun cabhrú leis tuilleadh salainn a thuaslagadh, mar méadóidh an t-uisce má théitear é agus ísleoidh a dlús.

An Teoiric

Déantar sainmhíniú ar dhlús maise nó dlús ábhair mar a mhais in aghaidh an aonaid toirte. Snámhfaidh solaid i leacht má tá dlús an tsolaid sin níos lú ná dlús an leachta. Rachaidh sé go tóin poill má tá a dhlús níos airde (Fíor 6). Tá dlús de 1g/cm3 ag uisce. Snámhfaidh aon rud le dlús níos ísle (níos lú ná 1) agus rachaidh aon rud le dlús níos airde (níos mó ná 1) go tóin poill. Nuair a chuireann tú salann leis an uisce, tuaslagtar é. Cruthaíonn sé seo tuaslagán sáile atá níos dlúithe ná íonuisce, toisc go bhfuil níos mó cáithníní in uisce sáile, agus cuireann sin leis an dlús. Seo an fáth gur féidir le daoine snámh gan stró sa Mhuir Mharbh in Iosrael. Tá méid mór salann san uisce, agus tá sé thar a bheith dlúth dá bharr.

Diet Coke vs. Fíor Cóc

Tá an méid céanna toirt sa dá channa. Tá 48g siúcra ag an ngnáth cóc afach, agus níl aon siúcra sa diet coke. De bharr seo, tá níos mó maise sa channa ‘fíor’ cóc. Níl ach méid beag de mhilseoir saorga sa diet coke. Mar sin, tá an canna de ghnáth cóc níos dlúithe ná an diet coke. Téann an cóc go tóin poill mar go bhfuil dlús níos airde aige ná uisce agus snámhann an diet coke mar go bhfuil a dhlús níos ísle ná uisce.

Bád blu-tac vs. Blu-tac cothrom

Má bhreathnaíonn tú ar an bhfoirmle – Dlús = Mais/Toirt, feicfidh tú go bhfuil dlús ag brath ar thoirt agus ar mhais. Maidir leis an blu-tac, tá an mhais chéanna ag an dá phíosa, ach tá toirt níos airde ag an dara phíosa agus tá cruth báid air. Má mhéadaíonn tú an toirt, is féidir an dlús a laghdú agus mar sin snámhann an blu-tac le cruth báid air.

Satsuma vs. Satsuma gan craiceann

Sáiníonn craiceann an satsuma an t-aer agus ligeann sé don satsuma snámh mar go bhfuil dlús an-íseal ag aer (0.0013g/cm3). Nuair a bhaintear an craiceann, ligtear don aer éalú agus téann an satsuma go tóin poill.

Ubh in uisce

Rachaidh an ubh go tóin poill in úruisce. De réir mar a chuirtear tuilleadh salainn leis, ardaíonn dlús an uisce. Ag pointe áirithe, bíonn dlús an uisce níos mó ná dlús na huibhe agus snámhfaidh sé.

Conas an físeán seo a úsáid

Má chuireann tú ceist ar dhuine éigin, déanfaidh siad próiseáil ar an gceist sin chun é a oibriú amach. Fiú mura bhfuil an freagra acu, smaoineoidh siad ar an gceist go fóill. Tá sé cosúil le hiarraidh ar dhuine éigin gan smaoineamh ar bhalún dearg. An chéad rud a thagann isteach ina n-intinn ná balún dearg. Go deimhin, tá sé dodhéanta gan smaoineamh ar an mbalún dearg nuair a iarrtar ort. Sin an fáth go bhfuil ceisteanna chomh tábhachtach sin sa rang. Má chloiseann dalta ceist, beidh siad fiosrach agus ag iarraidh é a fhreagairt. Úsáideann an físeán seo an fhiosracht sin agus iarrann sé ar dhaltaí an rachaidh réada go tóin poill nó an snámhfaidh siad. Tá an modh tuartha seo deacar go cognaíoch agus spraíúil ag an am céanna. Cuireann sé an dallamullóg orthu ionas go smaoiníonn siad go criticiúil agus go cruthaitheach.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Céard atá i gceist leis an téarma ‘dlús’?Dlús = mais/toirt.
  • Céard é dlús uisce?1gm/cm3
  • Cén fáth gur féidir le solad cosúil le hoighear snámh ar uisce?Níl oighear chomh dlúth le huisce
  • An bhfuil leacht ann a ligfidh do bhonn 2 euro snámh air?Mearcair
  • Má tá bloc luaidhe agat le mais de 100g, cén toirt is gá a bheith aige ionas go snámhfaidh sé ar uisce?Bheadh ort cruth le toirt 100 cm3 a dhéanamh as ionas go snámhfaidh sé ar uisce
  • Cén dlús a bheidh ag uisce má thuaslagtar 10 gram salainn in 100 cm3 d’uisce?1.1 g/cm3

Naisc Thraschuraclaim

Tíreolaíocht:

Is loch hipear-salanda é an Mhuir Mharbh in Iosrael. Ciallaíonn sé seo go bhfuil méid mór salainn tuaslagtha san uisce. Is suíomh turasóireachta cáiliúil é an loch anois mar go bhfuil sé chomh héasca sin snámh ar an uisce. Go deimhin, tá an t-uisce chomh lán le salann nach féidir le mórán ainmhithe nó plandaí cónaí ann agus sin an fáth go nglaoitear an Mhuir Mharbh air.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Dlús
  • Toirt
  • Mais
  • Snámh
  • Dul go tóin poill

Uimhearthacht

Láimsithe éagsúla na foirmle: Dlús = Mais/Toirt