Meáchanlár

Tógann an taispeántas seo coirp gan chothromaíocht nádúrtha/iomasach agus cuireann sé le chéile iad. An smaoineamh atá leis seo ná samhlaíocht na ndaltaí a spreagadh agus iad a chur ag smaoineamh faoi mheáchanlár ghnáthrudaí laethúla.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Eascra (3/4 lán le huisce)
  • Bior fiacla
  • Spúnóg
  • Forc
  • Casúr
  • Sreang
  • Rialóir

Modh

Tabhair faoi deara nach bhfuil aon rialacha ag baint leis na taispeántais seo. Glacann sé am chun iad a chur ag obair i gceart agus caithfear triail a bhaint astu cúpla uair agus cleachtadh a dhéanamh.

1. Bior fiacla, spúnóg agus forc

Comhghlasaigh an spúnóg leis an bhforc. Ba cheart go gclúdódh an spúnóg 50% den dá bheangán lárnach ar an bhforc. Cuir an bior fiacla sa bhearna idir an beangán ar barr agus an dara beangán ar an bhforc. Cuir an bior fiacla ar thaobh an eascra. Ba cheart go mbeadh 1/3 den bhior fiacla ag crochadh laistigh den eascra leis an 2/3 eile in éineacht leis an bhforc agus spúnóg thar an imeall. Glacfaidh sé seo roinnt ama le fáil i gceart. Úsáid an físeán mar threoir.

2. Casúr agus rialóir

An rún a bhaineann leis an gceann seo ná an fad ceart a fháil don tsreang. Ba cheart don tsreang a bheith 8/10ú d’fhad an chasúir. Tá an casúr ceangailte gar don bharr (a cheann) agus tá an rialóir ceangailte ag an mbun (tá sé níos éasca rialóir le poll ag a bhun a úsáid). Socraigh an fearas mar atá léirithe san fhíseán. Arís, glacfaidh sé seo roinnt ama le fáil i gceart.

3. Ord agus Rialóir

Tá sé dochreidte go bhfuil an turgnamh leis an ord níos éasca le déanamh ná mar atá an ceann leis an gcasúr. Tá an próiseas ceannainn céanna i gceist, ach an uair seo, caithfear a bheith airdeallach go bhfuil níos mó dainséir i gceist agus tú ag úsáid an oird chun taispeántas a dhéanamh os comhair ranga.

Moltaí

Úsáid na físeáin mar threoir agus bí dianseasmhach mar gach seans go dtógfaidh sé cúpla uair é a dhéanamh i gceart.

An Teoiric

Is éard is meáchanlár ann ná an pointe i gcorp trína bhfeidhmíonn meáchan uile an choirp sin. Is sampla maith é maide cam corrach (Fíor 3). In A, tá an maide cam corrach neamhchothrom mar go bhfuil móimintí nó fórsaí éagothroma ann ar dhá thaobh an tseastáin. In B, tá an maide cam corrach neamhchothrom arís; an uair seo mar gheall ar na meáchain ar thaobh na lámha deise atá ag tarraingt an taobh sin síos. In C, tá an maide cam corrach cothromaithe go hiomlán. Seo mar go bhfuil an méid céanna den mhaide cam corrach ar dhá thaobh an tseastáin agus níl aon mheáchain eile ag déanamh neamhchothrom é. Toisc go bhfuil meáchanlár ag an maide cam corrach, ní móide go mbeadh beirt leis an mais chéanna acu ag spraoi le chéile chun iomlán taitnimh agus tairbhe a bhaint as. Ní i gconaí a oibríonn sé mar tá sé deacair beirt duine a aimsiú leis an mais chéanna. Nuair a úsáideann beirt duine le maiseanna éagsúla an maide cam corrach, ní oibreoidh sé i gceart mar go bhfuil sé neamhchothrom. Sa chéad turgnamh, tá an meáchanlár lonnaithe ag an bpointe ag a mbuaileann an bior fiacla an t-eascra. Do na turgnaimh leis na casúir, tá an meáchanlár lonnaithe ag an bpointe ag a mbuaileann an rialóir an bord.

Conas an físeán seo a úsáid

Téann an físeán seo i bhfeidhm ar dhaltaí mar cuireann sé iontas orthu. Ní cheapfá go mbeadh aon chuid de na hábhair in ann cothromú agus éiríonn na turgnaimh níos mó agus níos fearr de réir mar a théann an físeán ar aghaidh. Cuireann an t-ord críoch den scoth leis an bhfíseán mar ní bheadh mórán daltaí ag aois an Teastais Shóisearaigh a bheadh in ann ord a ardú, gan trácht ar é a chothromú le rialóir.

Oibríonn an físeán seo mar gheall ar phrionsabail an luamháin (móimint) agus meáchanlár. Mar sin is féidir an forc agus spúnóg a choinneáil cothromaithe. Tá meáchanlár an chórais lonnaithe faoi phointí teagmhála (pointí maighdeoige) an bheara fiacla, déanta leis an ngloine. Má tá na móimintí ar dhá thaobh an bheara fiacla cothrom, agus an meáchanlár lonnaithe faoi na pointí teagmhála (pointí maighdeoige) ar an mbior fiacla agus ar an ngloine, ní thitfidh an forc agus an spúnóg. Ionas go mbeidh cothromaíocht statach ag an gcóras, caithfidh fórsa agus móimint a bheith cothromaithe. Mar go bhfuil meáchanlár an chórais seo faoin bpointe maighdeoige, nuair a bhogann an córas go taobh amháin, beidh móimint aisghabhála ann chun é a chasadh ar ais go dtí an suíomh cothromaíochta.

Feidhmíonn turgnamh an chasúir agus an oird faoin bprionsabal céanna. Tá meáchanlár an chasúir lonnaithe faoi phointe teagmhála an rialóra phlaistigh agus an bhoird. Tá meáchanlár an oird lonnaithe faoi phointe teagmhála an rialóra adhmaid agus an bhoird.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Cén fáth a seasann iomrascálaí lena chosa scartha amach óna chéile ionas nach dtitfidh sé?Tá meáchanlár an iomrascálaí níos ísle nuair a sheasann sé lena chosa scartha óna chéile in ionad an dá chos a bheith le chéile.
  • Cén fáth a bhfeiceann tú daoine ag iompar meáchain throma ar bharr a gcloigne go minic?Nuair a iompraíonn tú meáchan ar bharr do chloigeann, bíonn meáchanlár an mheáchain ar an líne céanna le imtharraingt do chorp. Ciallaíonn sé seo go mbíonn an meáchan cothromaithe agus níos éasca le h-iompar.
  • Cé acu seo a leanas ag a bhfuil an meáchanlár is ísle?Tá meáchanlár níos ísle ag A mar gheall nach bhfuil sé chomh hard agus tá bonn níos leithne aige.
  • Cé acu buideál atá níos cobhsaí?Is é A an ceann is cobhsaí. Tá an meáchanlár is ísle aige mar go bhfuil an bon is leithne aige.
  • Sa léaráid, cén fáth gurb é B an ceann is éagobhsaí?Tá B éagobhsaí mar go bhfuil sé ar imeall chuarach. Dá mbeadh fórsa ag brú ar an mbuidéal seo, thitfeadh sé ón mbord.

Naisc Thraschuraclaim

Is é an príomhnasc leis an saol ná go bhfeabhsaíonn an cineál taispeántais seo smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna fadhbréiteach. Tá na scileanna seo thar a bheith tábhachtach don mhatamaitic, don Ghrafaic deartha agus cumarsáide.

Litearthacht (eochairfhocail)

  • Meáchanlár
  • Fórsa
  • Móimintí

Uimhearthacht

Móimint fórsa (N m) = fórsa (N) X fad ingearach ó fhórsa an bhuthail.