Brú

Déanann an mhír físe seo iniúchadh ar bhrú. Cuirtear balúin faoi bhrúnna fisiceacha difriúla agus déantar anailís ar na torthaí. An sainmhíniú atá ar bhrú ná Fórsa/Achar.

Modheolaíocht

Ábhair

  • Balúin
  • Polaistiréin(10cm2)
  • Tairní cruacha (40)

Modh

Réitigh an dá phillín polaistiréin leis na tairní. Níl ach tairne amháin sa phillín beag agus tá 40 sa cheann mhór. Caithfidh na tairní a bheith ar comhfhad óna chéile agus ar an airde chéanna. Dá mhéad tairní atá ann, is fearr é. Séid aeir sa dá bhalún go dtí go bhfuil siad 80% lán. Seo ionas nach bhfuil an balún faoi an iomarca brú ón aer laistigh de. Cuir ceann de na balúin ar an bpillín leis an líon tairní is mó air. Ní phléascfaidh an balún. Cuir an balún eile ar an bpillín le tairne amháin air agus pléascfaidh an balún.

Moltaí

Bí cúramach agus tú ag brú an bhalúin síos ar na tairní; ná húsáid an iomarca brú nó pléascfaidh an balún pé scéal é.

An Teoiric

Díreach cosúil leis na balúin, nuair a luíonn duine síos ar scair tairní, dáiltear a chorp go cothrom ar dhromchla na dtairní. An t-aon bhaol atá ann ó na tairní ná mura luíonn an duine síos i gceart nó mura n-éiríonn siad i gceart, mar tá na tairní cuimsithe ar chuid amháin den chorp má tharlaíonn sé sin. Anois tá rún an tsorcais ar eolas agat!

Nuair a phléascann tú an chéad bhalún leis an tairne, tá an brú go léir cuimsithe ag pointe amháin ar an mbalún agus pléascann sé go héasca. Nuair a leagann tú an balún ar an scair tairní, tá na pointí brú scaipthe amach ar dhromchla iomlán an bhalúin.

Conas a oibríonn an físeán seo?

Tá a fhios ag gach duine cé chomh héasca is atá sé balún a phléascadh. Tá siad so-ghalaithe, rud a chuireann iontas orainn, agus go minic pléascann siad fiú nuair nach mbíonn fórsa á chur orthu. Sin an fáth go gcuireann sé iontas orainn san fhíseán seo nuair nach bpléascann an balún agus é á leagadh ar an scair tairní. Tarraingeoidh gné an iontais aird na ndaltaí agus beidh siad ag iarraidh triail a bhaint as an turgnamh.

Ceisteanna agus Freagraí

  • Sainmhínigh Brú.Fórsa in aghaidh an aonaid achair
  • An ndéanann sé difríocht cé mhéad aer a shéideann tú isteach sa bhalún?Déanann. Dá mhéad aer atá sa bhalún, is mó an teannas dromchla agus mar sin tá sé níos éasca an balún an pléascadh.
  • Is féidir le tanc airm taisteal thar talamh hfliuch má tá rian air, ach ní féidir leis má tá rothaí air. Mínigh cén fáth. Scaipeann na rianta mais an tainc ionas go bhfuil brú níos ísle ar an talamh agus ní rachaidh an tanc go tóin poill.
  • Cén fáth nach ngortaítear an duine thíos?Tá mais an duine scaipthe thar na tairní ionas nach bhfuil an iomarca brú ann.

Naisc Thraschuraclaim

Naisc ón saol leis an gcleas draíochta thuas, agus leis na boinn rotha níos leithne a úsáidtear ar fheithicil easbhóthair.

Litearthacht (Eochairfhocail)

  • Brú
  • Achar
  • Fórsa
  • Achar dromchla

Uimhearthacht

Ríomhaireacht d’achar dromchla na dtairní

Láimhsiú na foirmle: Brú = Mais/Achar